Ceisteanna Coitianta
An féidir díriú ar mo theileafón póca le haghaidh glaonna teileafóin margaíochta?
Faoi na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach (I.R. Uimh 336 de 2011), coisctear glaonna margaíochta ar theileafóin phóca mura rud é:
-
Gur chuir an síntiúsóir nó an t-úsáideoir in iúl don ghlaoiteoir go dtoilíonn sé/sí le glaonna den sórt sin a fháil ar a theileafón póca nó a teileafón póca, nó
-
Gur thoiligh an síntiúsóir nó an t-úsáideoir go ginearálta le glaonna margaíochta a fháil agus go dtaifeadtar toiliú den sórt sin le glaonna margaíochta a fháil i mBunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta i ndáil lena uimhir theileafóin póca nó lena huimhir theileafóin póca.
I ndáil le margaíocht dhíreach atá bunaithe ar ríomhphoist agus ar theachtaireachtaí téacs teileafóin póca, is cion é cumarsáidí den sórt sin a sheoladh chuig duine aonair gan toiliú soiléir a fháil uaidh/uaithi roimh ré. I gcás ríomhphoist mhargaíochta dírí agus teachtaireachtaí téacs margaíochta dírí a sheoltar chuig gnólachtaí (ar leithligh ó dhaoine aonair), féadfar teachtaireachtaí den sórt sin a sheoladh go dtí go n-iarrann an gnólacht is faighteoir ar an seoltóir iad a stopadh. Ba chion ansin é aon teachtaireachtaí margaíochta a sheoladh ina dhiaidh sin chuig an ngnólacht lena mbaineann.