Ceisteanna Coitianta
An dteastaíonn toiliú go sainráite le haghaidh gach cáis margaíochta dírí leictreonaí?
Is é an riail ghinearálta le haghaidh margaíocht dhíreach leictreonach ná go dteastaíonn uaithi toiliú soiléir dearfach (amhail liostáil go sonrach) faoi Rialachán 13 de na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach.
Mar sin féin, ní theastaíonn toiliú go sonrach i ndáil le gach cás margaíochta dírí leictreonaí, agus tá eisceacht ann ar cheanglas ginearálta an toilithe. Níl feidhm ag an eisceacht sin, áfach, ach amháin i gcásanna lena mbaineann custaiméirí atá ann cheana, i gcás go gcomhlíontar coinníollacha áirithe eile freisin.
Faoi Rialachán 13(11) de na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach, is amhlaidh, i gcás go bhfaigheann eagraíocht mionsonraí teagmhála ríomhphoist go dleathach ‘ó chustaiméir ... i gcomhthéacs táirge nó seirbhís a dhíol’ (níl feidhm aige sin ach amháin maidir le custaiméirí atá ann cheana), ní theastaíonn toiliú le margaíocht dhíreach leictreonach ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha breise seo a leanas i ndáil leis an gcumarsáid margaíochta dírí:
-
Tá an táirge nó an tseirbhís atá á mhargú nó á margú ina tháirge nó ina seirbhís de chuid na heagraíochta í féin;
-
Tá an táirge nó an tseirbhís atá á mhargú nó á margú de chineál atá cosúil leis an táirge nó an tseirbhís a sholáthair tú don chustaiméir i gcomhthéacs an díola bunaidh;
-
Ní mór deis a thabhairt don chustaiméir go soiléir agus go follasach agóid i gcoinne úsáid a m(h)ionsonraí ag an am a bhailítear na mionsonraí sin agus gach uair a sheolann an eagraíocht teachtaireacht margaíochta leictreonaí chuig an gcustaiméir; agus
-
Ní mór an chumarsáid margaíochta dírí tosaigh a sheoladh laistigh de 12 mhí ó dháta an díola bunaidh leis an gcustaiméir.
Fágann sé sin nach ceadmhach d’eagraíocht cumarsáidí margaíochta leictreonaí dírí a sheoladh chuig custaiméir ionchais nach gcuireann ceannachán i gcrích, mar shampla i gcás go mbrabhsálann an custaiméir ar líne le haghaidh táirgí ach nach gcuireann sé/sí an próiseas seiceála amach i gcrích.
Cuirtear ceangal breise le Rialachán 13(11) nach mór mionsonraí teagmhála ríomhphoist an chustaiméara a bheith faighte go dleathach de réir an Achta um Chosaint Sonraí, 2018. Fágann sé sin nach mór an chúis tosaigh leis na mionsonraí teagmhála a fháil a bheith i gcomhréir le prionsabail na cosanta sonraí agus go raibh bonn dlíthiúil bailí aige, de réir mar is cuí don chomhthéacs ina bhfuarthas na mionsonraí teagmhála ríomhphoist ar dtús.