Ceisteanna Coitianta
Cad is margaíocht dhíreach ann agus cad nach margaíocht dhíreach ann?
Is é atá i gceist le margaíocht dhíreach ná díriú a bheith á chur ar dhuine ag eagraíocht (margóir) atá ag iarraidh táirge nó seirbhís a chur chun cinn nó atá ag iarraidh an duine a spreagadh chun faisnéis bhreise a iarraidh faoi tháirge nó faoi sheirbhís. Áirítear ríomhphoist, teachtaireachtaí téacs, teachtaireachtaí facs, glaonna teileafóin nó teagmhálacha poist le cineálacha margaíochta dírí.
Ní chumhdaítear teagmhálacha poist nach bhfuil seoladh orthu leis an reachtaíocht um chosaint sonraí toisc nach n-úsáidtear aon sonraí pearsanta iontu. Ní áirítear le margaíocht dhíreach suirbhéanna margaidh ina n-iarrtar do thuairimí ar ábhair amhail nithe polaitiúla nó sainroghanna pearsanta an lucht éisteachta raidió. Ní hionann meabhrúchán ar choinne ó do dhochtúir, d’fhiaclóir nó do ghruagaire agus margaíocht dhíreach ach oiread.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, léigh an treoir uainn maidir le margaíocht dhíreach.