Ceisteanna Coitianta
Cad is cumarsáid gan iarraidh ann?
Is é is cumarsáid gan iarraidh ann go bunúsach ná rud éigin nár lorgaíodh nó nár iarradh. Más rud é, mar shampla, go bhfuil caidreamh leanúnach agat le gnólacht nó go raibh caidreamh agat le gnólacht le déanaí, is féidir nach measfar teagmháil ón ngnólacht sin a bheith ina teagmháil gan iarraidh toisc gur féidir go mbeidh cineál éigin toilithe i láthair. De bhreis air sin, is amhlaidh, i gcás gur sholáthair tú mionsonraí teagmhála go deonach le linn suirbhéanna stíl mhaireachtála a chomhlánú nó le linn promóisin a iontráil, is féidir go mbeidh toiliú ceangailte le húsáid na mionsonraí sin sa todhchaí agus is féidir nach measfar aon teagmháil ina dhiaidh sin a bheith ina teagmháil gan iarraidh, ag brath ar cad ab eol duit agus cé na nithe ar thoiligh tú leo nuair a sholáthair tú na mionsonraí.
Más rud é nár thoiligh tú riamh le cumarsáidí margaíochta a fháil, nó gur roghnaigh tú gan cumarsáidí margaíochta a fháil, ó mhargóir agus go bhfaigheann tú cumarsáidí margaíochta ón margóir sin fós, is cumarsáidí gan iarraidh iad na cumarsáidí sin.