Ceisteanna Coitianta
An bhféadfar Clár na dToghthóirí a úsáid chun críocha margaíochta dírí?
Ón mbliain 2004 i leith, tá ceangal ar údaráis chlárúcháin dhá leagan de Chlár na dToghthóirí a fhoilsiú – an clár ‘iomlán’ agus an clár ‘atheagraithe’. Liostaítear sa ‘chlár iomlán’ gach duine atá i dteideal vóta a chaitheamh agus ní fhéadfar é a úsáid ach amháin chun críche toghcháin nó chun críche reachtúla eile.
Liostaítear sa ‘chlár atheagraithe’ ainm agus seoladh na ndaoine a bhféadfar a mionsonraí a úsáid chun aon chríche seachas críoch toghcháin nó críoch reachtúil eile, mar shampla le haghaidh úsáid margaíochta dírí ag eagraíocht tráchtála nó ag eagraíocht eile. Chun díliostáil ón ‘gclár atheagraithe’, beidh ort teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil.