Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh custaiméirí agóid i gcoinne margaíocht dhíreach leictreonach?
Foráiltear leis na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach go bhfuil an ceart ag daoine aonair chun agóid i gcoinne margaíocht dhíreach leictreonach a fháil agus nach mór seoladh bailí is féidir le daoine aonair a úsáid chun a chur in iúl nár mhaith leo cumarsáidí a fháil a thuilleadh a chur ar áireamh i ngach cumarsáid margaíochta.
I gcás go bhfuil táirge nó seirbhís á cheannach nó á ceannach ag duine, ní mór an ceart a thabhairt dó/di agóid i gcoinne úsáid a m(h)ionsonraí le haghaidh margaíocht dhíreach ag an am a bhailítear na sonraí sin. Ní mór seoladh bailí is féidir le duine a úsáid chun a chur in iúl nár mhaith leis/léi cumarsáidí a fháil a thuilleadh a chur ar áireamh i ngach cumarsáid a sheoltar chuige/chuici ina dhiaidh sin. Sa chleachtas, cuireann a lán eagraíochtaí é sin chun feidhme trí bhíthin nasc díliostála i ríomhphost nó trí bhíthin gearrchód téacs lena ndíliostálfar an duine ó mhargaíocht dhíreach go huathoibríoch nuair a sheolann sé/sí iarraidh stoptha chuig uimhir thiomnaithe.
Is cion coiriúil é cumarsáidí margaíochta dírí leictreonaí a sheoladh chuig duine nár thoiligh le cumarsáidí den sórt sin a fháil trí thoiliú liostála nó, i gcás caidreamh gnó atá ann cheana leis an duine, trí bhíthin scar-rogha.
Ar leithligh uaidh sin, tugtar an ceart do dhaoine aonair le hAirteagal 21 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) an ceart chun agóid am ar bith i gcoinne phróiseáil a sonraí pearsanta chun críocha margaíochta dírí, lena n-áirítear próifíliú a mhéid a bhaineann sé le margaíocht dhíreach. I gcás go n-agóideann duine aonair i gcoinne próiseáil chun críocha margaíochta dírí, is gá nach ndéantar a s(h)onraí pearsanta a phróiseáil chun na gcríoch sin a thuilleadh.
De bhreis air sin agus mar atá luaite thuas, is amhlaidh, má táthar ag brath ar thoiliú chun teachtaireachtaí téacs margaíochta dírí nó ríomhphoist mhargaíochta dírí a sheoladh, a bheidh an ceart ag an bhfaighteoir aonair chun a t(h)oiliú a tharraingt siar am ar bith agus ní mór é a bheith chomh héasca toiliú a tharraingt siar is atá sé chun toiliú a thabhairt.