Ceisteanna Coitianta
Úsáideann mo shuíomh Gréasáin nó m’aip fianáin agus modhanna eile rianúcháin – an gá dom toiliú a fháil ó úsáideoirí?
Is gá. Mar sin féin, is ann do roinnt cineálacha fianán atá díolmhaithe ón gceanglas atá ann toiliú a fháil. Tá siad sin teoranta do dhá úsáid shonracha, áfach.
Is iad seo na cineálacha fianán atá díolmhaithe ón gceanglas atá ann toiliú a fháil ó úsáideoirí:
-
Díolúine d’fhianáin atá fíor-riachtanach – fianáin atá fíor-riachtanach chun an tseirbhís sochaí faisnéise ar iarr an t-úsáideoir go follasach í a sholáthar. Áirítear leo sin fianáin lena gcumasaítear do thralaí siopadóireachta ar líne cuimhneamh ar na míreanna a chuir an t-úsáideoir isteach ann.
-
Díolúine do chumarsáid – fianáin a úsáidtear chun cumarsáid a tharchur thar líonra cumarsáide leictreonaí agus chuige sin amháin. Áirítear leo sin fianáin seisiúin cothromú lóid lena gcumasaítear trácht Gréasáin a dháileadh thar roinnt freastalaithe difriúla.
Áirítear leis na fianáin nach bhfuil díolmhaithe ón gceanglas atá ann toiliú a fháil fianáin atá ceaptha le haghaidh fógraíocht spriocdhírithe agus rianú tiontúcháin.
Ní mór d’úsáideoirí bheith in ann an toiliú a thug siad maidir le fianáin nó teicneolaíochtaí rianúcháin a úsáid a tharraingt siar nó a athrú tráth ar bith agus ní mór duit a chur in iúl go soiléir conas is féidir leo é sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as na huirlisí a sholáthair tú chun toiliú a bhainistiú. Ní mór é a bheith gach pioc chomh héasca an toiliú a tharraingt siar agus atá sé an toiliú a thabhairt – ciallaíonn sé sin nár cheart d’úsáideoirí am a chaitheamh ag cuardach suíomh Gréasáin nó aipe chun teacht ar bhealach inar féidir leo toiliú a tharraingt siar.