Ceisteanna Coitianta
An gá dom toiliú a fháil chun fianáin anailísíochta a úsáid?
Is gá. Úsáidtear fianáin anailísíochta mar uirlis tomhais do shuíomhanna Gréasáin, lena n-áirítear chun faisnéis a sholáthar faoin líon cuairteoirí uathúla agus faoi na leathanaigh a bhrabhsálann siad le linn a gcuairteanna. Is uirlisí ‘chéad pháirtí’ atá i roinnt uirlisí anailísíochta. Is é sin le rá gur chun a chríoch féin a phróiseálann an t-oibritheoir suímh Gréasáin na sonraí a bhailítear uathu.
Is iad páirtithe eile seachas an t-oibritheoir suímh Gréasáin a sholáthraíonn anailísíocht tríú páirtí. Féadfaidh na tríú páirtithe sin na sonraí a úsáid chun a gcríoch féin, ach amháin i gcás go mbeidh conradh i bhfeidhm ina luaitear nach bhféadfaidh an tríú páirtí na sonraí a phróiseáil ach amháin thar ceann an oibritheora. Is féidir a mheas gur le hanailísíocht tríú páirtí a ghabhann riosca méadaithe príobháideachta don úsáideoir.