Ceisteanna Coitianta
An gá do mo shuíomh Gréasáin meirge a bheith aige?
Is gá do do shuíomh Gréasáin nó do sheirbhís faisnéis chuimsitheach shoiléir a sholáthar d’úsáideoirí sula socraítear aon fhianáin nó aon rianú. Sa chleachtas, roghnaíonn formhór na n-eagraíochtaí meirge, leathanach scáineach (leathanach idirghníomhach a lódálann de ghnáth idir leathanach amháin a stopann cuairteoir air agus an chéad cheann eile nó a lódálann laistigh de leathanach de réir mar a scrollaíonn úsáideoir é) nó mír aníos a chumasaíonn faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí agus bainistiú a dhéanamh ar a sainroghanna pearsanta maidir le toiliú le fianáin.
Mura n-úsáideann do shuíomh Gréasáin ach fianáin nach gá toiliú úsáideoirí a fháil ina leith, is féidir nach mbeidh aon mheirge ná aon uirlis bainistíochta toilithe ag teastáil uaidh. Mar ní dea-chleachtais, áfach, ba cheart duit a nochtadh ar do shuíomh Gréasáin go fóill, trí bheartas fianán nó trí fhógra príobháideachta, cé na fianáin fhíor-riachtanacha a úsáideann tú.