Ceisteanna Coitianta
Cé na fadhbanna coitianta a dtagann an Coimisiún um Chosaint Sonraí orthu ar shuíomhanna Gréasáin agus i gcomhéadain eile maidir le fianáin agus rianú a úsáid?
Áirítear leis na fadhbanna coitianta a dtagtar orthu an úsáid a bhaintear as ardáin bhainistíochta toilithe tríú páirtí ar leagadh amach iad chun go n-áireofaí leo boscaí nó scoráin atá réamhthiceáilte nó réamhshocraithe chun a bheith CURTHA AIR, á léiriú ‘go dtoilíonn’ an t-úsáideoir le fianáin. Ní bailí atá an toiliú le fianáin a úsáid i gcás go bhféachann tú leis an toiliú sin a fháil trí bhoscaí nó scoráin réamhthiceáilte a úsáid.
Chomh maith leis sin, úsáideann uirlisí áirithe atá in úsáid ar shuíomhanna Gréasáin socruithe atá folaithe faoi bhun scorán atá socraithe chun a bheith CURTHA AS. Cuireann sé sin ina luí ar úsáideoirí nach gá dóibh aon ghníomh eile a dhéanamh chun a sainroghanna pearsanta maidir le fianáin a shocrú.
Tarlaíonn sé go minic freisin go n-áirítear leis an meirge fianán nó leis an mbeartas príobháideachta ar shuíomhanna Gréasáin hipearnaisc chuig faisnéis atá ar fáil ar shuíomhanna Gréasáin tríú páirtí maidir le fianáin. Aon fhaisnéis a sholáthraítear sa bheartas fianán nó in aon naisc ón meirge fianán, ní mór í a bheith bainteach leis an dóigh a mbaineann oibritheoir an tsuímh Gréasáin nó na haipe sin úsáid as fianáin.
Chomh maith leis sin, teipeann ar a lán oibritheoirí suímh Gréasáin beartas príobháideachta a sholáthar ina bhfuil faisnéis bhunúsach trédhearcachta. I gcás eintiteas a phróiseálann sonraí pearsanta a bhailítear trí fhianáin a úsáid, tá na ceanglais maidir leis an trédhearcacht agus maidir leis an bhfaisnéis éigeantach nach mór dó a sholáthar d’ábhair sonraí leagtha amach in Airteagail 12, 13 agus 14 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).