Ceisteanna Coitianta
Cad is fianáin ann?
Téacschomhaid bheaga a stóráiltear ar ghléas, amhail ríomhaire pearsanta, gléas móibíleach nó aon ghléas eile ar féidir leis faisnéis a stóráil, is ea fianáin. Úsáideann gléasanna eile fianáin freisin, lena n-áirítear gléasanna ‘Idirlíon na Rudaí Nithiúla’ a nascann leis an Idirlíon, amhail teilifíseáin chliste.
Is féidir le fianáin roinnt feidhmeanna tábhachtacha a chomhlíonadh, lena n-áirítear cuimhneamh ar úsáideoir agus ar an idirghníomhaíocht a bhí aige/aici le suíomh Gréasáin roimhe seo. Is féidir iad a úsáid, mar shampla, chun rian a choinneáil ar mhíreanna i dtralaí siopadóireachta ar líne nó chun do rochtain ar sheirbhísí baincéireachta agus ar sheirbhísí eile ar líne a fhíordheimhniú. Is féidir fianáin a úsáid freisin le haghaidh fógraíocht iompraíochta ar líne agus le haghaidh úsáideoirí suímh Gréasáin a rianú agus a phróifíliú go huathúil ar fud a nósanna brabhsála agus ar fud na ngléasanna a úsáideann siad agus ar fud na láithreacha a dtugann siad cuairt orthu, fiú.
Uaireanta, úsáidtear an téarma ‘fianáin’ mar théarma uileghabhálach do chineálacha eile faisnéise nó teicneolaíochtaí a stóráiltear ar ghléas nó trealamh teirminéil daoine nó a úsáidtear chun iad a rianú ar líne. Gnáthchineál fianán a stóráiltear ar bhrabhsálaí Gréasáin is ea fianáin ‘http’. Is féidir cineálacha eile stórála a bheith ann ar ghléas freisin, áfach. Áirítear leo sin oibiachtaí logánta i bpáirt agus ‘flaisfhianáin’. Úsáidtear teicnící rianúcháin amhail méarlorgaireacht gléasanna freisin chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a stóráiltear ar ghléasanna úsáideoirí.