Ceisteanna Coitianta
Cad é an dlí maidir le fianáin a úsáid?
Tá míthuiscint choitianta ann gur leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a rialaítear fianáin. Mar a tharlaíonn, is as an Treoir maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach a thagann an dlí maidir le fianáin. D’fhoilsigh an tAontas Eorpach an Treoir den chéad uair sa bhliain 2002 agus leasaigh sé sa bhliain 2009 í. Tá bearta á ndéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh le níos mó ná deich mbliana anuas chun Rialachán nua maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach a chur in áit na Treorach maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach, ar Rialachán é a mbeadh feidhm dhíreach chomhsheasmhach aige sna Ballstáit uile. Agus é seo á scríobh, áfach, níor thángthas ar aon chomhaontú ar an reachtaíocht bheartaithe sin go fóill. Mar sin, tá feidhm ag na forálacha den Treoir maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach go fóill maidir le fianáin agus modhanna comhchosúla rianúcháin a úsáid.
Aithnítear leis an Treoir maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach go bhfuil na gléasanna de chuid úsáideoirí líonraí cumarsáide leictreonaí agus aon fhaisnéis a stóráiltear ar a ngléasanna ina gcuid dá “réimse príobháideach” agus gur gá iad a chosaint. Tugtar faoi deara inti freisin gur féidir le “hearraí spiaireachta mar a thugtar orthu, speicéirí Gréasáin, aitheantóirí folaithe agus gléasanna comhchosúla eile” dul isteach i ngléas an úsáideora i ngan fhios dó/di agus go bhféadfadh sé sin cur isteach go mór ar phríobháideacht na n-úsáideoirí sin.
Is é an cuspóir atá leis an dlí maidir le fianáin, mar sin, daoine aonair a chosaint ar fhaisnéis a bheith á cur ar a ngléasanna, nó ar a bheith á rochtain óna ngléasanna, gan toiliú a fháil uathu, toisc go bhféadfadh sé sin cur isteach ar rúndacht a gcumarsáidí.
In Éirinn, rinneadh an Treoir maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach a thrasuí i ndlí an Stáit le hIonstraim Reachtúil Uimh. 336 de 2011 – Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach), 2011) (“na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach”).