Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mé brath ar bhunús dleathach eile seachas toiliú chun fianáin a stóráil nó chun teicneolaíochtaí eile rianúcháin a úsáid?
Ní fhéadfaidh. Is é toiliú an t-aon bhunús dleathach amháin a bhfuil feidhm aige maidir le faisnéis a stóráil, nó maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis atá stóráilte cheana féin, ar ghléas nó trealamh teirminéil an tsíntiúsóra nó an úsáideora.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mór toiliú a fháil i ngach cás, is cuma cé acu is sonraí pearsanta í an fhaisnéis a stóráiltear nó a bhfaightear rochtain uirthi nó nach ea.
Má tharlaíonn sé, mar thoradh ar fhianáin a úsáid, gur féidir an fhaisnéis a phróiseálann tú a mheas a bheith ina sonraí pearsanta freisin, ní mór duit rialacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus na rialacha maidir le Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach araon a chomhlíonadh. Áirítear le sonraí pearsanta aitheantóirí nó uimhreacha ar líne, amhail iad sin atá i bhfianáin agus a bhaineann le duine nádúrtha atá sainaitheanta nó atá in-sainaitheanta. Más rud é gur féidir duine a shainaithint, nó go bhfuil sé/sí in-sainaitheanta, lena n-áirítear trí fhaisnéis a phróiseálann eintiteas eile faoin duine sin a iarcheangal, is leor é sin chun sonraí pearsanta a dhéanamh de na sonraí a phróiseálann tú faoin duine sin.