Ceisteanna Coitianta
Cén fáth nach ndeir sibh gur sárú ar mo chearta é?
Laistigh den reachtaíocht um chosaint sonraí, tá brí mhínithe ag an bhfocal “sárú”. Ciallaíonn sárú sonraí go raibh sárú slándála ann ó thaobh an rialaitheora sonraí de, rud ba chúis le scriosadh sonraí pearsanta, le caillteanas sonraí pearsanta nó le nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta, i measc nithe eile.
Is minic a deir ábhair sonraí gur sáraíodh a gcearta nuair ba cheart dóibh a rá gur cuireadh isteach ar a gcearta. Mar shampla, más rud é gur dhiúltaigh rialaitheoir sonraí do do sheoladh poist a cheartú tar éis duit fianaise a sholáthar ar do sheoladh ceart, is cur isteach é sin ar do chearta cosanta sonraí in ionad é a bheith ina shárú ar do chearta cosanta sonraí. Más rud é gur eisigh an rialaitheoir sonraí céanna sin comhfhreagras ansin chuig an seoladh poist mícheart agus gur oscail tríú páirtí an comhfhreagras sin, is sárú sonraí é sin.