Ceisteanna Coitianta
Cad a fhéadfar a dhéanamh mura bhfuilim sásta le conas a d’aimsigh m’fhostóir go ndearna mé éagóir?
Ní fhéadfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) saincheisteanna fostaíochta nó nithe coiriúla a scrúdú. Ó am go chéile, áfach, cuireann ábhair sonraí ceist faoi cé acu a fhéadfaidh a bhfostóir úsáid a bhaint as píosaí scannáin TCI ina dtaispeántar iad agus iad ag goid nó ag fágáil na hoibre go luath chun smacht a chur orthu. Faoi mar atá amhlaidh i gcás gach cineáil próiseála sonraí, ba cheart don rialaitheoir sonraí bheith trédhearcach leis na hábhair sonraí, agus is féidir é sin a bhaint amach trí na saincheisteanna a leagan amach go soiléir i mbeartais amhail beartais TCI, beartais phríobháideachta nó beartais fostóra/fostaithe ábhartha eile.
Dá réir sin, ba cheart d’fhostóirí fógra a thabhairt d’fhostaithe roimh ré má tá sé beartaithe acu úsáid a bhaint as fianaise amhail píosaí scannáin TCI in éisteachtaí araíonachta. Ar ndóigh, tá leas dlisteanach ag fostóirí ina ngnólacht a chosaint agus i mbeartais chuideachta a fhorfheidhmiú. Mar sin féin, ní mór é sin a chothromú leis an gceart chun príobháideachta atá ag an bhfostaí. I gcás go mínítear go soiléir d’fhostaithe roimh theagmhas agus go leagtar amach i mbeartais fostóra go bhfuil ceamaraí i mbun oibre i láithreacha a bhfuil glacadh leo go réasúnach, amhail os cionn scipéad nó ag bealaí isteach agus amach, agus go mbainfear úsáid as na píosaí scannáin más gá, is amhlaidh a bheidh an fostóir trédhearcach lena fhostaithe.
Más rud é nach luaitear sna beartais fostóra éagsúla an tsaincheist um úsáid a bhaint as píosaí scannáin TCI le haghaidh gníomhaíocht araíonachta agus go mbaineann an fostóir úsáid as na píosaí scannáin TCI chun aon chríche den sórt sin, is féidir go gcruthóidh sé sin tuilleadh próiseála sonraí pearsanta sa dóigh is go bhfuil úsáid á baint as na píosaí scannáin chun críche nach í an chríoch ar chuici a bailíodh iad ar dtús. Cé gur sonrach d’fhíorais a bhíonn cásanna den sórt sin de ghnáth, is amhlaidh, tríd is tríd, is dóigh go mbeidh sé neamhdhleathach, ó thaobh na cosanta sonraí de, úsáid a bhaint as na píosaí scannáin TCI sna himthosca sin mura rud é gur féidir leis an rialaitheoir sonraí a thaispeáint go raibh bunús dleathach aige faoi Airteagal 6 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) don phróiseáil sonraí pearsanta sin nó don tuilleadh próiseála sonraí pearsanta sin.