Ceisteanna Coitianta
Cad is scagadh i leith Daoine atá faoi Riteacht Pholaitiúil ann?
Faoin reachtaíocht um fhrithsciúradh airgid, ceanglaítear ar institiúidí airgeadais scagadh i leith Daoine atá faoi Riteacht Pholaitiúil a dhéanamh i gcás go bhfuil ‘riosca réasúnach’ sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta ann.
Aon sonraí pearsanta (i gcás frithsciúradh airgid), lena n-áirítear scagadh díchill chuí fheabhsaithe (i leith Daoine atá faoi Riteacht Pholaitiúil), próiseálfar iad ar bhealach atá ag teacht leis na prionsabail UILE um chosaint sonraí faoi Airteagal 5 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) le haghaidh sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil, lena n-áirítear Airteagal 5(1)(c), lena gceanglaítear go mbeadh próiseáil aon sonraí pearsanta “leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (‘íoslaghdú sonraí’)”.
Dá bhrí sin, le linn dóibh tabhairt faoi nósanna imeachta um fhrithsciúradh airgid a bhaineann le próiseáil a dhéanamh le haghaidh Dícheall Cuí i leith Custaiméara nó Dícheall Cuí Feabhsaithe, agus le linn dóibh tabhairt faoi bhearta eile um fhrithsciúradh airgid, is gá do gach eintiteas cur chuige cothromaithe a ghlacadh i leith na ceanglais rialála frithsciúrtha airgid agus na ceanglais chosanta sonraí atá orthu a chomhlíonadh agus is gá dóibh déanamh amhlaidh ar bhealach réasúnach comhréireach i ngach cás.
Ba cheart d’eagraíochtaí beartais chuí agus nósanna imeachta cuí a bheith i bhfeidhm acu chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil custaiméir nó úinéir tairbhiúil ina D(h)uine atá faoi Riteacht Pholaitiúil tráth a ligtear isteach é/í agus chun a chinneadh cé acu a d’éirigh nó nár éirigh custaiméir nó úinéir tairbhiúil ina D(h)uine atá faoi Riteacht Pholaitiúil le linn an chaidrimh gnó leis an eagraíocht. Beidh údar ann le bearta Díchill Chuí Fheabhsaithe a dhéanamh i leith custaiméara nó úinéir tairbhiúil i gcás go n-éireoidh sé/sí ina D(h)uine atá faoi Riteacht Pholaitiúil le linn an chaidrimh gnó leis an eagraíocht. Ní mór na prionsabail uile um chosaint sonraí a chomhlíonadh in aon bheartas den sórt sin, mar a thugtar faoi deara in Airteagal 45(1) den Cheathrú Treoir maidir le Sciúradh Airgid agus mar a chomhlánaítear le hAithris 43, ina luaitear:
“Ba cheart bailiú sonraí pearsanta agus a bpróiseáil ina dhiaidh sin ag eintitis faoi oibleagáid a bheith teoranta don mhéid is gá chun ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh agus níor cheart próiseáil bhreise a dhéanamh ar shonraí pearsanta ar bhealach nach bhfuil ag luí leis an gcríoch sin. Ba cheart, go háirithe, diantoirmeasc a chur ar phróiseáil bhreise a dhéanamh ar shonraí pearsanta chun críocha tráchtála”.
Déanfar Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí ar aon bheartais ar dóigh go mbeadh ardriosca ag gabháil leo i ndáil le cearta agus saoirsí daoine nádúrtha.
Má tá eagraíochtaí ag brath ar thríú páirtithe chun aon bhearta díchill chuí a dhéanamh thar a gceann, ní mór dóibh, mar rialaitheoirí sonraí, a bheith deimhin de gur féidir leis an tríú páirtí ráthaíochtaí leordhóthanacha a thabhairt, go háirithe ó thaobh saineolais, iontaofachta agus acmhainní, chun bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme sa dóigh is go gcomhlíonfar ceanglais chosanta sonraí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí, lena n-áirítear maidir le slándáil na próiseála.