Ceisteanna Coitianta
Cá fhad a fhéadfar luachan árachais a choinneáil?
Nuair a iarrann duine luachan do pholasaí árachais, déanann sé/sí amhlaidh mar chuid den phróiseas conarthach ar ina leith a thugtar “cuireadh chun déileála” ar na céimeanna tosaigh. Ciallaíonn sé sin go soláthraíonn an custaiméir faisnéis ábhartha don chuideachta árachais lena measúnú. Bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh, déanann an chuideachta árachais tairiscint árachais ina leagtar amach costas ábhartha an árachais don tomhaltóir. Glacann an tomhaltóir leis an tairiscint nó diúltaíonn sé/sí di ansin.
Má ghlacann an tomhaltóir leis an tairiscint, déanfaidh an chuideachta agus an tomhaltóir araon caidreamh foirmiúil conartha ansin. Má dhiúltaíonn an tomhaltóir don tairiscint, cuirfear deireadh leis an ní, toisc nár cruthaíodh aon chaidreamh dlíthiúil idir an t-árachóir agus an custaiméir féideartha. De réir phrionsabal an “teorannaithe stórála”, ar prionsabal cuntasachta é atá leagtha amach in Airteagal 5(1)(e) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), ní mór aon sonraí pearsanta a bhailítear tríd an bpróiseas luachana a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach.
Dá bhrí sin, i gcás gur cuireadh an próiseas luachana i gcrích agus nach ndearna duine aonair aon ghníomh leantach chun an conradh a thabhairt chun críche, ba cheart don rialaitheoir sonraí a chinntiú go ndéanfar na sonraí a bailíodh a scriosadh go slán laistigh de thréimhse theoranta ‘mharana’ (mar shampla 21 lá), i gcás go n-athróidh an duine aonair a (h)intinn ina dhiaidh sin.