Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mo chuideachta árachais cóip de mo thaifid liachta iomlána a iarraidh ó mo lia-chleachtóir ginearálta?
Mar chuid dá nósanna imeachta próiseála éileamh, féadfaidh cuideachtaí árachais sláinte faisnéis liachta a iarraidh go díreach ó lia-chleachtóir nó soláthraí seirbhíse (ospidéal) an othair ionas gur féidir costais liachta agus seirbhísí liachta a íoc. Is gnách go ndéantar é sin le toiliú an othair, a chomhlánaíonn an fhoirm éilimh ábhartha i gcomhar lena (h)árachóir.
Ba cheart an próiseas éileamh a bheith ábhartha, gan a bheith iomarcach. Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí den tuairim gur cheart iarrataí ar fhaisnéis liachta a bheith sonrach do na sonraí a bhaineann lena bhailí atá éileamh a mheasúnú nó le héileamh a fhrithghealladh. Aon iarraidh a dhéanann cuideachta árachais sláinte ar chóip de chomhaid iomlána liachta aon duine aonair, mheasfaí í a bheith díréireach agus iomarcach.
Pléitear le héilimh chúitimh i leith díobhálacha pearsanta faoi shainphróiseas dlíthiúil a rialaítear leis an dlí torta (nó le dlíthe comhchosúla eile) agus le reachtaíocht na cúirte, ina leagtar amach na nósanna imeachta le haghaidh éilimh dhlíthiúla den sórt sin a dhéanamh. (Is é is tort ann ná éagóir shibhialta is cúis le caillteanas nó dochar d’éilitheoir, ar éagóir í as a dtagann dliteanas dlíthiúil don duine a rinne an gníomh tortach). Is gnách gurb é/í aturnae an éilitheora a fhaigheann aon tuairisc liachta, ina gcloítear le Rialacha an Fhollasaithe maidir le haon nochtadh a d’fhéadfaí a dhéanamh do chuideachta árachais.
Sa sliocht seo a leanas ó Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann maidir leis an tsaincheist seo, atá ar fáil ar an rannán Cosanta Sonraí de shuíomh Gréasáin an Choláiste agus a cuireadh le chéile i gcomhairle leis an oifig seo, tugtar treoir do lia-chleachtóirí ginearálta maidir le Tuairiscí Freastalaí Phríobháidigh Liachta a chomhlánú:
“Réimse imní le tréimhse fhada anuas is ea comhlánú tuairiscí freastalaí phríobháidigh liachta ag lia-chleachtóirí ginearálta thar ceann a n-othar. Dealraíonn sé ina lán cásanna nach bhfuil othair eolach ar an méid faisnéise a iarrann cuideachtaí árachais faoina sláinte. Dealraíonn sé nach bhfuil siad eolach ach oiread ar na himpleachtaí atá ag faisnéis faoi dhrochshláinte agus go gceadaítear do chuideachtaí árachais faisnéis faoi “dhrochshláinte” a chomhroinnt lena chéile. Is féidir lia-chleachtóirí ginearálta a tharraingt isteach go héasca i ndíospóid idir othair agus a gcuideachtaí árachais, agus is féidir an fíoras gur nocht lia-chleachtóirí ginearálta faisnéis do chuideachtaí árachais fearg a chur ar othair, cé gur thoiligh siad leis sin. Chun an lia-chleachtóir ginearálta agus an t-othar a chosaint ar éifeachtaí diúltacha an chleachtais sin:
- Ba cheart don lia-chleachtóir ginearálta a chinntiú go dtabharfar toiliú i scríbhinn in éineacht le gach iarraidh ar thuairisc freastalaí phríobháidigh liachta.
- Níor cheart don lia-chleachtóir ginearálta cóipeanna iarbhír de chomhairliúcháin thaifeadta a sheoladh.
- Níor cheart don lia-chleachtóir ginearálta tuairiscí ó speisialtóir a sheoladh, fiú amháin i gcás go n-iarrfaidh an chuideachta iad. Féadfaidh an chuideachta tuairiscí den sórt sin a iarraidh ón speisialtóir ar leithligh in éineacht le tuairim ar a ábhartha atá siad, más lian leis an gcuideachta déanamh amhlaidh.
- Ba cheart don lia-chleachtóir ginearálta a lua ina b(h)ileog faisnéise d’othair go dtugtar faisnéis liachta ar aghaidh do chuideachtaí árachais (mar chleachtas caighdeánach) tar éis foirm toilithe shínithe a fháil ón othar.
Tugann roinnt lia-chleachtóirí ginearálta deis d’othair an tuairisc freastalaí phríobháidigh liachta a léamh sula dtugtar don chuideachta árachais í, go háirithe i gcás gur dóigh go mbeidh tionchar diúltach ag an tuairisc ar riosca árachais an othair. I gcás go mbeidh ábhair imní acu gur thoiligh an t-othar le rud a d’fhéadfaí a mheas a bheith ina nochtadh iomarcach ar a f(h)aisnéis, is fiú do lia-chleachtóirí ginearálta smaoineamh faoi dheis a thabhairt don othar an tuairisc a léamh chun a chinntiú go mbeidh tuiscint iomlán aige/aici ar chineál an toilithe a tugadh.
Agus tuairiscí freastalaí phríobháidigh liachta á gcomhlánú acu, tá sé tábhachtach nach ndéanfadh lia-chleachtóirí ginearálta faisnéis a cheilt ná a fhágáil ar lear chun cabhrú le hothair “ualú” airgeadais ag an gcuideachta árachais a sheachaint. Dá ndéanfaí amhlaidh, dhéanfaí polasaí neamhbhailí den pholasaí agus d’fhéadfaí an lia-chleachtóir ginearálta a chur faoi réir caingean dlí. Má tá othair míshásta leis na téarmaí a tairgeadh dóibh bunaithe ar an bhfaisnéis liachta a sholáthair an lia-chleachtóir ginearálta, ba cheart iad a tharchur chuig príomhoifigeach liachta na cuideachta árachais lena mbaineann ar an gcéad ásc nó, i gcás nach n-éireoidh leis sin, chuig an Ombudsman
Seirbhísí Airgeadais… agus/nó chuig an Údarás Comhionannais… a d’fhéadfadh bheith in ann cabhair a thabhairt.” Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh Gréasáin Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.