Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh institiúid airgeadais m’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí a iarraidh agus cuntas nua á oscailt agam?
Is le hAirteagal 6(1)(c) agus (e) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a fhoráiltear don bhunús dleathach le haghaidh Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a iarraidh, i gcás gur achtaíodh reachtaíocht faoi I.R. Uimh. 136 de 2008 – Na Rialacháin um Thuairisceán ar Íocaíochtaí (Bainc, Cumainn Fhoirgníochta, Comhair Chreidmheasa agus Bainc Thaisce), 2008.
Leis na Rialacháin sin, ceanglaítear ar institiúidí airgeadais tuairisceán a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim maidir le hús a íocadh ar chuntais choigiltis chun críocha Cánach Coinneála ar Ús Taisce. Soláthraítear leo bunús reachtach do dhaoine sonraithe agus d’institiúidí airgeadais Uimhir Aitheantais Chánach nó Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí a bhailiú faoi alt 891B den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, agus cuntas nua custaiméara á oscailt. Ní mór d’institiúid airgeadais gach iarracht réasúnach a dhéanamh an Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí a bhailiú sula n-osclaítear aon chuntas nua.
Leagtar amach i Rialachán 7(8) de na Rialacháin gurb amhlaidh, ar aon dul le prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra, nach mór aon sonraí UPSP a bhailíonn institiúidí airgeadais a úsáid chun tuairisceáin a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim, agus chuige sin amháin, agus gur dóigh gur próiseáil neamhdhleathach sonraí pearsanta a bheidh in aon úsáid eile.