Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh eagraíocht mionsonraí mo chárta creidmheasa/mo chuntais bainc a choinneáil tar éis dom mo chuntas a dhúnadh leis an eagraíocht sin?
Ceanglaítear le prionsabal an “teorannaithe stórála” in Airteagal 5(1)(e) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) go ndéanfaí sonraí pearsanta a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach. Más rud é go bhfuil an chríoch ar chuici a fuarthas an fhaisnéis tagtha chun deiridh agus nach bhfuil na sonraí pearsanta ag teastáil a thuilleadh, ní mór na sonraí a scriosadh, nó ní mór fáil réidh leo, ar bhealach slán.
Tá an tréimhse choinneála le haghaidh sonraí (pearsanta) a choinneáil leagtha amach i bpíosaí difriúla reachtaíochta, amhail alt 55 den Acht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta), 2010 (arna leasú). Foráiltear leis an alt sin go ndéanfaidh duine ainmnithe (institiúid airgeadais) faoin Acht taifid lena bhfianaítear stair seirbhísí agus idirbheart a rinneadh i ndáil le gach custaiméir de chuid an duine ainmnithe a choinneáil ar feadh tréimhse nach giorra ná cúig bliana ón dáta ar a scoirfidh an duine ainmnithe d’aon seirbhís a sholáthar don chustaiméir lena mbaineann nó ó dháta an idirbhirt deiridh (más ann) leis an gcustaiméir, cibé acu is déanaí.
Ní shonraítear sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí aon tréimhse choinneála uasta, áfach. Mar sin, is faoi gach rialaitheoir sonraí atá sé beartas coinneála cuí a chinneadh. Ní ionann an beartas sin do gach rialaitheoir sonraí, toisc go mbeidh sé bunaithe ar imthosca an rialaitheora sonraí agus ar na cúiseanna atá aige/aici le sonraí a choinneáil.