Ceisteanna Coitianta
Iarraidh ar Rochtain d’Ábhar Sonraí - cad is iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí ann agus conas a fhéadfaidh mé iarraidh a dhéanamh?
Is é is iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí ann ná iarraidh a dhéanann duine aonair chuig rialaitheoir sonraí ar chóip de na sonraí pearsanta (seachas na doiciméid bhunaidh) a shealbhaíonn an rialaitheoir sonraí sin faoin duine aonair sin. Faoi Airteagal 15 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), tá ceart agat cóip a fháil d’aon fhaisnéis a bhaineann leat agus a gcoinníonn aon eintiteas nó aon eagraíocht í ar ríomhaire nó i gcóras struchtúrtha comhdúcháin láimhe nó atá beartaithe a choinneáil i gcóras den sórt sin. Trí iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí a dhéanamh, cuirtear ar chumas duine aonair a fháil amach cén fhaisnéis a shealbhaíonn eintiteas nó cuideachta faoi/fúithi.
Ina theannta sin, faoi Airteagal 15(1) RGCS, tá ceart ag an ábhar sonraí na cineálacha faisnéise seo a leanas a fháil ón rialaitheoir sonraí:
-
Críocha na próiseála;
-
Na catagóirí sonraí pearsanta lena mbaineann;
-
Na faighteoirí nó na catagóirí faighteoirí ar nochtadh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh;
-
I gcás inar féidir, an tréimhse a meastar go stórálfar na sonraí pearsanta lena linn;
-
Is ann don cheart go ndéanfaí ceartúcháin, don cheart go ndéanfaí léirscriosadh agus don cheart go gcuirfí srian le próiseáil;
-
An ceart chun gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta;
-
I gcás nach mbailítear na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, aon fhaisnéis atá ar fáil maidir lena bhfoinse;
-
Is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú.
B’fhiú do dhaoine aonair beartas príobháideachta an rialaitheora sonraí atá ar fáil ar a s(h)uíomh Gréasáin a sheiceáil ar dtús chun a fháil amach cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn an rialaitheoir sonraí aon treoir maidir le conas iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí a chur faoi bhráid a (h)eagraíochta, mar shampla cén seoladh ríomhphoist atá le húsáid. Mholfaimis duit scríobh chuig an eintiteas nó an eagraíocht sin ansin chun iarraidh a dhéanamh ar cibé sonraí pearsanta agus faisnéis phearsanta a bhfuil tú ag iarraidh iad nó í a rochtain ar aon dul le hAirteagal 15 RGCS. Mholfaimis duit freagra i scríbhinn a iarraidh freisin. Cé go bhféadfar iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí a chur isteach ó bhéal, molann an Coimisiún duit an iarraidh a dhéanamh i scríbhinn toisc go bhfágfaidh sé sin go mbeidh fianaise i scríbhinn agat á léiriú gur chuir tú an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí faoi bhráid an rialaitheora sonraí. D’fhéadfá an iarraidh uait a leagan amach mar a leanas:
A..., a chara,
Is mian liom iarraidh rochtana a dhéanamh faoi Airteagal 15 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí ar chóip d’aon fhaisnéis a choinníonn tú fúm ar ríomhaire nó i bhfoirm láimhe i ndáil le (tabhair an oiread faisnéise agus is féidir chun cabhrú leis an eagraíocht na sonraí a bhfuil tú ag iarraidh rochtain a fháil orthu a aimsiú).
Agus iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí á cur isteach agat, ní bheidh tú i dteideal sonraí neamhphearsanta ná sonraí pearsanta de chuid aon tríú páirtithe a rochtain. Mar shampla, ní ionann an t-am a bhain bus lár na cathrach amach agus do shonraí pearsanta. Mar sin, ní eiseofaí faisnéis den sórt sin faoin reachtaíocht cosanta sonraí. Mar an gcéanna, is ionann ainm an duine a thiomáin an bus agus sonraí pearsanta an tiománaí bus. Mheasfaí faisnéis den sórt sin a bheith ina faisnéis tríú páirtí duit agus ní eiseofaí faoin reachtaíocht cosanta sonraí í.
Ní fhéadfaidh rialaitheoirí sonraí muirear ná táille a ghearradh i leith freastal ar iarrataí rochtana tosaigh ach amháin in imthosca teoranta inar léir go follasach go bhfuil an iarraidh ‘gan bhunús nó iomarcach’. (Airteagal 12(5) RGCS). Mar sin féin, ceadaítear dóibh faoi Airteagal 15(3) RGCS táille réasúnach a ghearradh atá bunaithe ar na costais riaracháin ar aon chóipeanna eile de dhoiciméad a eisíodh roimhe sin agus ar iarr an t-ábhar sonraí den dara huair é.