Ceisteanna Coitianta
Conas is féidir liom cóip de mo shonraí pearsanta a fháil ón nGarda Síochána?
Ag brath ar na sonraí a bhfuil tú ag iarraidh rochtain a fháil orthu, is féidir go dtarlóidh sé go dtagann an iarraidh rochtana faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí, seachas an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Is féidir leat do chuid faisnéise a iarraidh ón nGarda Síochána trí chloí leis na treoracha ar an rannán Iarraidh ar Rochtain d’Ábhar Sonraí ar shuíomh Gréasáin an Gharda Síochána.
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach ionann iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí agus seiceáil taifid choiriúil, grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ná Deimhniú Póilíní. Ní bheidh sna sonraí a gheobhaidh tú ón nGarda Síochána mar chuid d’iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí ach cóip de na sonraí pearsanta a shealbhaíonn an Garda Síochána fút