Ceisteanna Coitianta
Cé na cearta atá agam i ndáil le rochtain a fháil ar fhaisnéis cuntais atá in ainm m’fhir céile/mo mhná céile?
Is réimse casta é seo, agus braitheann an freagra ar an gceist seo ar bheartas na rialaitheoirí sonraí lena mbaineann agus ar aon sainroghanna pearsanta a chuir an duine aonair/na daoine aonair lena mbaineann in iúl. Ó thaobh cúrsaí cosanta sonraí de, áfach, féadfaidh eintiteas/rialaitheoir sonraí/soláthraí seirbhíse a chinneadh gan gnó a dhéanamh ach amháin leis an sealbhóir ainmnithe cuntais. Is beartas ciallmhar é sin toisc, i bhformhór na gcásanna, gur sárú ar an dlí cosanta sonraí a bheidh i bhfaisnéis cuntais a nochtadh do chéile nó d’iarchéile i gcás go ndéanfar amhlaidh gan toiliú an chéile nó an iarchéile eile.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, léigh an treoir uainn dar teideal Ag déanamh teagmháil le heagraíochtaí thar ceann duine eile.