Ceisteanna Coitianta
Cé na cearta atá agam chun rochtain a fháil ar an scríbhinn de scrúdú a rinne mé?
Foráiltear le halt 56 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, do cheart faoi Airteagal 15 chun rochtain a fháil ar thorthaí, ar scríbhinní de scrúdú agus ar thorthaí achomhairc. Maidir le hiarrataí faoi Airteagal 15 a rinneadh i ndáil le toradh scrúdaithe nó i ndáil le scríbhinní a comhlánaíodh i gcúrsa scrúdaithe, measfar go ndearnadh iad ar an dáta is déanaí díobh seo a leanas:
(a) an dáta ar ar foilsíodh torthaí an scrúdaithe den chéad uair, nó
(b) dáta na hiarrata
Maidir le hiarraidh faoi Airteagal 15 a rinneadh i ndáil le toradh achomhairc i gcoinne toradh scrúdaithe, measfar go ndearnadh í ar an dáta is déanaí díobh seo a leanas:
-
an dáta ar ar foilsíodh torthaí an achomhairc den chéad uair, nó
-
dáta na hiarrata
Mar shampla, is gnách go seoltar na scrúduithe Ardteistiméireachta le linn mhí an Mheithimh agus go n-eisítear na torthaí le linn mhí Lúnasa. Dá bhrí sin, beag beann ar cén uair a rinneadh an iarraidh, measfar go ndearnadh an iarraidh faoi Airteagal 15 ar an dáta is déanaí den dáta ar ar foilsíodh na torthaí scrúdaithe (Lúnasa) nó de dháta na hiarrata í féin. Má rinneadh an iarraidh i mí an Mheithimh, is é sin dáta iarbhír na hiarrata. Mar sin féin, meastar go ndearnadh an iarraidh i mí Lúnasa, ar an dáta ar ar eisíodh na torthaí.