Ceisteanna Coitianta
Cad is féidir liom a dhéanamh má shealbhaíonn rialaitheoir sonraí taifid lena gclúmhilltear mé nó lena ndéantar damáiste do mo chlú?
Ní fhéadfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí scrúdú a dhéanamh ar aon líomhaintí faoi chlúmhilleadh (ráiteas clúmhillteach a chuirfeadh as don chlú atá ar dhuine i dtuairim daoine réasúnacha den tsochaí). Má tá fianaise agat go bhfuil na taifid míchruinn go fíorasach, féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfaí iad a léirscriosadh nó a cheartú. Is féidir go mbeidh tú ag iarraidh comhairle dhlíthiúil neamhspleách a fháil ar an ní freisin.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, léigh an treoir uainn dar teideal Iarrataí ar Rochtain d’Ábhar Sonraí – Ceisteanna Coitianta.