Ceisteanna Coitianta
Cad is féidir liom a dhéanamh má fhaighim amach go bhfuil sonraí pearsanta a shealbhaítear fúm mícheart?
Foráiltear le hAirteagal 16 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) do shonraí pearsanta a cheartú i gcás go bhfuil na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil míchruinn nó i gcás, agus aird á tabhairt ar chríocha na próiseála, go bhfuil na sonraí neamhiomlán ar bhealach éigin.
I gceachtar cás, molann an oifig seo duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an rialaitheoir sonraí ar dtús agus a leagan amach cé na sonraí pearsanta a mheasann tú a bheith míchruinn nó neamhiomlán. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mór na sonraí pearsanta a bheith “míchruinn go fíorasach”. Ciallaíonn sé sin gur thaifead an rialaitheoir sonraí faisnéis amhail dáta breithe nó seoladh go mícheart. Tá sé éasca a chruthú go bhfuil an fhaisnéis sin mícheart agus tá sé éasca í a cheartú.
Mar sin féin, i gcás go mbaineann na sonraí pearsanta leis na tuairimí atá ag tríú páirtí fút agus nach n-aontaíonn tú leis na tuairimí sin, níl sé chomh héasca céanna a chruthú go bhfuil an fhaisnéis sin mícheart, toisc nach bhfuil inti ach tuairim. Cé go bhféadfaidh an t-ábhar sonraí iarraidh ceartúcháin a dhéanamh go fóill chun an seasamh ceart, dar leis/léi, a léiriú, níl aon oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí an fhaisnéis a athrú.
Mar an gcéanna, níl aon oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí an fhaisnéis a léirscriosadh, toisc gur féidir go mbeidh sí ag teastáil chun breac-chuntas a thabhairt ar na mionsonraí faoi theagmhas, amhail ráitis ó fhinnéithe maidir le tuairt chairr nó ráitis ó fhinnéithe maidir le teagmhas líomhnaithe bulaíochta. Féadfaidh an rialaitheoir sonraí an ráiteas ón ábhar sonraí maidir le cén fáth nach n-aontaíonn sé/sí leis an tuairim a chur leis an taifead. Is féidir leis sin a chinntiú gur éisteadh leis na páirtithe uile, agus cuirfidh sé bailchríoch ar an taifead do na páirtithe uile.