Ceisteanna Coitianta
Cá mhéad ama a bheidh ag eagraíocht chun freagra a thabhairt ar an iarraidh rochtana uaim?
Ní mór do rialaitheoirí sonraí freagra a thabhairt ar iarrataí ar rochtain d’ábhar sonraí laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil. Féadfar an creat ama míosa sin a fhadú go ceann dhá mhí eile, áfach, i gcás, mar shampla, gur iarraidh chasta í an iarraidh (Airteagal 12(3) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)). Má theastaíonn an fadú ama dhá mhí sin ón rialaitheoir sonraí chun freastal ar an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí, áfach, ní mór don rialaitheoir sonraí a insint don duine aonair go bhfuil fadú ama ag teastáil agus na cúiseanna leis an moill a mhíniú roimh dhul in éag na tréimhse míosa tosaigh. Ní gá don rialaitheoir sonraí ceadú a fháil ón duine aonair ná ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí ina leith sin.