Ceisteanna Coitianta
An bhfuil aon eisceachtaí ann ón gceart rochtana?
Tá. In Airteagal 23 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus i bhforálacha éagsúla (amhail alt 60) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, leagtar amach roinnt imthosca ina bhféadfaidh rialaitheoir an ceart atá agat chun cóip a fháil de do shonraí pearsanta a shrianadh go dleathach. Tá sé sin riachtanach chun cothromaíocht a bhaint amach idir na cearta atá ag an duine aonair ar thaobh amháin agus roinnt riachtanas tábhachtach atá ag an tsochaí shibhialta ar an taobh eile. Mar sin féin, má tá an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain á shrianadh nó á chiorrú go dleathach ag rialaitheoir sonraí, ní mór don rialaitheoir sonraí a shonrú cén fáth a bhfuil an méid sin á dhéanamh aige/aici agus a lua cé na forálacha reachtacha a bhfuil sé/sí ag brath orthu chun déanamh amhlaidh.
Mar shampla, níl aon cheart ag amhrastach coiriúil an fhaisnéis a shealbhaíonn an Garda Síochána faoi/fúithi a fheiceáil i gcás go gcuirfeadh sé sin bac ar imscrúdú coiriúil. Mar an gcéanna, níl aon cheart agat an chumarsáid idir dlíodóir agus a c(h)liant a fheiceáil i gcás go bhfuil an chumarsáid sin faoi réir pribhléid dhlíthiúil (is le halt 162 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, a fhoráiltear do phribhléid dhlíthiúil). Tá an ceart chun sonraí liachta agus sonraí oibrithe sóisialta a rochtain srianta i roinnt imthosca an-teoranta freisin, i gcás go bhféadfaí difear a dhéanamh do shláinte agus folláine mheabhrach an duine aonair dá bhfaighfí rochtain ar na sonraí sin.