Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mé mo thaifid liachta a rochtain faoin dlí cosanta sonraí?
Is ceart bunúsach é an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain agus tá feidhm aige le dlí, beag beann ar an gcineál comhlachta nó eintitis a shealbhaíonn do shonraí pearsanta. Mar sin, tá ceart bunúsach agat chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta a shealbhaíonn dochtúirí, ospidéil nó lianna comhairleacha, i measc daoine eile, a thugann cóireáil duit i gcáil phríobháideach nó phoiblí. Mar fhreagra ar iarraidh ar thaifid liachta, ba cheart duit aon ní a bhaineann leat nó ónar féidir tú a shainaithint agus a shealbhaíonn an gairmí nó an tsaoráid sláinte ar comhad nó ar ríomhaire a fháil.
Ós rud é nach gceanglaítear leis na hAchtanna ach go soláthrófaí “cóip” d’fhaisnéis, b’ionann fótachóip de x-gha/scanadh agus atáirgeadh ar an leagan bunaidh. Mar sin, bheadh soláthar na nithe sin i bhfoirm fótachóipe ag teacht le ceanglais Airteagal 15 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Ní thagann iarraidh ar chóip dheimhnithe de leagan bunaidh faoi pharaiméadair an dlí cosanta sonraí, áfach.
Is é an t-aon eisceacht amháin ón gceanglas chun rochtain a thabhairt do dhuine aonair ar a s(h)onraí sláinte ná cás ina bhfuil an gairmí nó an tsaoráid sláinte den tuairim go bhféadfaí damáiste a dhéanamh do do shláinte fhisiciúil nó mheabhrach dá n-eiseofaí aon chuid den fhaisnéis. Foráiltear leis na Rialacháin fán Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (Modhnú Rochtana) (Sláinte), 2022 (I.R. Uimh. 121 de 2022), go bhféadfaidh rialaitheoir sonraí srian dleathach a chur leis an gceart atá ag duine aonair chun a s(h)onraí sláinte féin a rochtain.
Níl feidhm ag an srian sin, áfach, ach amháin a mhéid atá an srian riachtanach agus comhréireach agus fad atá sé riachtanach chun sláinte an ábhair sonraí a chosaint. Tarlaíonn sé sin de ghnáth i gcás go bhfuil ag an rialaitheoir sonraí forais réasúnacha lena chreidiúint gur dhóigh go ndéanfaí díobháil do shláinte fhisiciúil nó mheabhrach an ábhair sonraí dá dtabharfaí rochtain ar na sonraí sláinte. I gcás den sórt sin, féadfaidh an rialaitheoir sonraí a chinneadh gan rochtain a thabhairt don duine aonair sin ar na sonraí sin. Níl feidhm ag an srian sin ach amháin maidir leis an gcuid de na sonraí sláinte ar cúis imní don rialaitheoir sonraí í.