Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mé faisnéis a rochtain/a leasú i ndáil le gaol éagtha?
Níl feidhm ag an dlí cosanta sonraí maidir le sonraí pearsanta daoine éagtha. Mar sin féin, féadfaidh rialaitheoir sonraí ar leith, ar chúiseanna dea-thola, a roghnú sonraí a bhaineann le duine éagtha a sholáthar do ghaol leis/léi tar éis iarraidh a fháil. I gcás den sórt sin, ní mór don rialaitheoir sonraí ábhartha gníomhú go cúramach agus sonraí den sórt sin á nochtadh aige/aici chun a chinntiú nach nochtfaidh sé/sí na sonraí pearsanta de chuid tríú páirtithe.
Más rud é go ndiúltóidh an rialaitheoir sonraí don iarraidh, ní fhéadfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí iallach a chur ar an rialaitheoir an iarraidh a chomhlíonadh, toisc nach bhfuil aon fheidhm ag an dlí cosanta sonraí maidir le sonraí pearsanta daoine éagtha a phróiseáil.