Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh aon duine eile iarraidh rochtana a dhéanamh thar mo cheann?
Tá feidhm ag an gceart rochtana faoi Airteagal 15 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) maidir le sonraí pearsanta an duine féin. Dá bhrí sin, is gnách gurb é/í an duine aonair féin a dhéanann aon iarrataí rochtana i ndáil lena s(h)onraí pearsanta féin. Bheadh sé réasúnach, áfach, freastal ar iarraidh rochtana a chuir aturnae isteach thar ceann duine eile.
Maidir le leanaí, féadfaidh caomhnóirí dlíthiúla cearta cosanta sonraí a linbh a fheidhmiú thar a c(h)eann, fad a bheidh sé sin chun leas an linbh. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur leis an leanbh na sonraí go fóill agus nach leis an gcaomhnóir dlíthiúil iad. Níl aon teidlíocht uathoibríoch ag an gcaomhnóir dlíthiúil chun sonraí pearsanta an linbh a fháil ón rialaitheoir sonraí ach oiread. Toisc ábhartha eile is ea aois an linbh, toisc gur féidir go mbeidh leanbh níos sine in ann na cearta sin a fheidhmiú thar a c(h)eann féin.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, léigh an treoir uainn dar teideal Leanaí sa Tosach agus sa Lár: Bunphrionsabail le haghaidh Cur Chuige a Dhíríonn ar Leanaí maidir le Próiseáil Sonraí agus an treoir uainn dar teideal Leanaí, Tuismitheoirí agus Cosaint Sonraí: An bhféadaim gearán a dhéanamh thar ceann leanbh de mo chuid?
Ar deireadh, féadfaidh duine aonair litir údaráis a shíniú, rud lena dtugtar údarás do dhuine eile gníomhú thar a c(h)eann. Mar sin féin, is faoin rialaitheoir sonraí atá sé a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil sé/sí sásta leis an litir údaráis sin toisc go bhfuil rialaitheoirí sonraí freagrach as slándáil na sonraí pearsanta atá faoina rialú.