Treoirlínte d’Eagraíochtaí atá ag Fostú Soláthróirí Néalseirbhísí

Tá líon atá ag dul i méid de sheirbhísí ann a bhfuil ‘néalstóráil’ á tairiscint acu, a chuireann an deis ar fáil le cáipéisí, grianghraif, físeáin agus comhaid eile a uaslódáil agus a stóráil ar chianfhreastalaí, le comhroinnt cianrochtana a chumasú nó chun feidhmiú mar chóip chúltaca. Tá úsáid aon chineál néalseirbhísí mar chuid dá ngnó mar réimse tábhachtach nach mór d’eagraíochtaí a chinntiú go bhfuil slándáil leordhóthanach ann ó thaobh na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil acu.

Ní mór do rialaitheoir sonraí smacht a choimeád i gcónaí ar na sonraí pearsanta a bhailíonn sé/sí nuair a ligean sé/sí próiseáil na sonraí sin ar fhochonradh le soláthróir néalseirbhíse. Baineann príomhghné den smacht le slándáil na sonraí a chinntiú. Ní mór do rialaitheoirí (cliaint agus soláthróirí néalseirbhísí araon) a bheith trédhearcach freisin maidir le próiseáil sonraí pearsanta. Tá suíomh na sonraí tábhachtach do smacht agus do shlándáil. Ar shaincheist ghaolmhar freisin tá an riachtanas maidir le conradh i scríbhinn. An aidhm atá leis an treoir seo cuidiú le rialaitheoirí cinntiú go gcloíonn said le gach ceann de na n-oibleagáidí seo agus iad ag baint úsáid as néalseirbhísí.

Treoirlínte d’Eagraíochtaí atá ag Fostú Soláthróirí Néalseirbhísí - Treiornóta Iomlán