Treoir maidir le Ceamaraí Coirp nó Ceamaraí Gníomhaíochta a Úsáid

10th Mí Eanair 2020

Tá fás ag teacht ar an úsáid a bhaintear as ceamaraí coirp agus gléasanna comhchosúla le blianta beaga anuas, ó thaobh scála agus éagsúlachta de. Is iomaí bealach a d’fhéadfaí iad a úsáid, lena n-áirítear áineas, slándáil agus iriseoireacht, gan ach cúpla ceann a lua. Tá dúshlán faoi leith ag baint le teicneolaíochtaí inchaite ar nós ceamaraí éide ó thaobh cosanta sonraí de, toisc go bhfuil siad soghluaiste. Ní hionann agus córais CCTV, a bhféadfaí iad a shuiteáil go cúramach chun an riosca a laghdú go mbaileofar sonraí de thaisme, d’fhéadfadh ceamara éide córas faireachais móibíleach a dhéanamh den chaiteoir, a bhfuil seans maith ann go mbaileoidh sé/sí sonraí pearsanta ó dhaoine ag dul thar braid. Nuair a chuirtear teicneolaíocht den saghas seo le micreafóin agus/nó le teicneolaíocht aghaidh-aitheanta, tagann méadú ar na himní cosanta sonraí.

Tá mar aidhm leis an treoir seo cabhrú le húsáideoirí na bhfeistí taifeadta seo cinneadh an ‘rialaitheoir’ iad, le hoibleagáidí faoin dlí cosanta sonraí, nó an dtagann a ngníomhaíochtaí faoin díolúine phearsanta nó teaghlaigh, chomh maith le cad iad na hoibleagáidí sin agus cén bearta gur féidir le húsáideoirí déanamh chun a bheith cinnte go n-úsáideann siad na teicneolaíochtaí seo chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, cé nach bhfuil an nóta treorach seo dírithe go príomha air.

Treoir maidir le Ceamaraí Coirp nó Ceamaraí Gníomhaíochta a Úsáid -Treoirnóta Iomlán