Treoir do Thiománaithe maidir le “Ceamaraí Deaise” a Úsáid

Mar thoradh ar cé chomh hinacmhainne agus chomh maith agus atá siad anois, tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar an úsáid a bhaintear as córais teilifíse ciorcaid iata (TCI) atá suite ar an deais (‘ceamaraí deaise’). I measc cúiseanna eile, bíonn ceamaraí deaise á suiteáil i bhfeithiclí ar mhaithe le hábhair imní shlándála pearsanta a mhaolú agus ar mhaithe le dliteanas a bhunú i gcás timpiste. Is féidir ceamaraí deaise a bheith dírithe amach ón bhfeithicil amháin agus iad a úsáid chun físeán a thaifeadadh den bhóthar romhainn. Mar an gcéanna, tá cineálacha ceamaraí ann lena dtaifeadtar taobh istigh den fheithicil agus déanann roinnt leaganacha fuaim agus físeán araon a thaifeadadh. Go minic, d’fhéadfadh impleachtaí cosanta sonraí teacht chun cinn d’úsáideoir ceamara deaise agus tá sé mar aidhm ag an dtreoir seo cabhrú  le húsáideoirí tuiscint a fháil ar na hoibleagáidí a bhféadfadh bheith orthu faoin reachtaíocht um chosaint sonraí.

Treoir do Thiománaithe maidir le Ceamaraí Deaise a úsáid