Timpeallachtaí Néalbhunaithe a Dhaingniú

Is éard atá i gceist le néalríomhaireacht, nó ‘an néal’ mar a thugtar uirthi go minic, ná acmhainní ríomhaireachta ar éileamh (m.sh. aipeanna agus stóráil sonraí) a sholáthair ar an idirlíon.

Cé go gcuireann timpeallachtaí néalbhunaithe go leor buntáistí ar fáil d’eagraíochtaí, tá roinnt rioscaí slándála teciniúla a d’fhéadfadh bheith i gceist leo freisin, mar shampla:

  • Sáruithe ar shonraí;
  • Fuadach cuntas;
  • Rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta.

Ba cheart d’eagraíochtaí beartas doiciméadaithe a chinneadh agus a chur i bhfeidhm maidir le húsáid timpeallachtaí néalbhunaithe. Ba cheart go dtabharfaidh an beartas seo mionsonraí ar conas a chuirfidh an eagraíocht go leor bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm le cinntiú go bhfuil go cosaint leordhóthanach do shonraí pearsanta stóráilte ar thimpeallachtaí néalbhunaithe. Ní mór go leor bearta slándála a chur i bhfeidhm, lena cuimsítear, ach gan a bheith teoranta do:

  • Smacht ar cé a bhfuil rochtain acu ar ar an eolas agus a (h)aitheantas a fhíorú;
  • Ballaí dóiteán;
  • Frithvíreas;
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar Réamshocruithe Slándála;
  • Beartais shoiléire a fhorbairt maidir le húsáid agus slándáil seirbhísí néalbhunaithe;
  • Gealltanais a lorg ó do sholáthraí seirbhíse ICT;
  • Oiliúint foirne;
  • Ba cheart catagóiriú sonraí stóráilte ar thimpeallachtaí néalbhunaithe a dhéanamh ar bhonn na rioscaí slándála a d’fhéadfadh bheith ann maidir le híogaireacht na sonraí pearsanta atá i gceist. Ba cheart go mbeidh tuiscint shoiléir ag eagraíocht ar na cineáil sonraí a stóráiltear ina thimpeallachtaí néalbhunaithe ionas gur féidir leis na bearta iomchuí slándála a chinneadh.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar thimpeallachtaí néalbhunaithe a dhaingniú, féach ar an treoirnóta faoi timpeallachtaí néalbhunaithe a dhaingniú.