Tuarascáil Staitistiúil maidir le Gearáin Trasteorann faoin Sásra maidir le hIonaid Ilfhreastail go dtí mí Aibreán 2023

18th Mí Bealtaine 2023

Ar mhaithe le cuntasacht agus trédhearcacht, i mí Márta 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) tuarascáil a thug forbhreathnú mionsonraithe, bunaithe ar fhíricí, agus anailís staitistiúil ar an mbealach ar a phlé an Coimisiún le gearáin maidir leis an Ionad Ilfhreastail (OSS) le linn na tréimhse ó mí Bealtaine 2018 go dtí deireadh 2021.

Tugann an tuarascáil seo uasdátú ar an fhoilseachán ó Márta 2022 le méadracht agus anailís staistiúil ar an tréimhse ón 25 Bealtaine 2018 go dtí an 30 Aibreán 2023. Tugtar sa tuarascáil forbhreathnú ar phróisis láimhseála gearán trasteorann an Choimisiúin agus ar na méadrachtaí gaolmhara, lena n-áirítear an líon gearán a fuarthas, an líon gearán a cuireadh i gcrích, agus na torthaí a baineadh amach.  Ar mhaithe le comhthéacs iomlán a sholáthar, fuair an Coimisiún breis agus 22,000 gearán ó tháinig RGCS i bhfeidhm agus cuireadh breis agus 20,000 ceann de na gearáin sin i gcrích.

Léirítear an méid seo a leanas sa tuarascáil:

  • Fuair an Coimisiún 1,496 ghearán trasteorann bhailí go díreach; ba mar phríomhúdarás maoirseachta a fuair sé 1,293 cinn (86%) díobh agus ba mar údarás maoirseachta lena mbaineann a fuair sé 203 cinn (14%) díobh.

 

  • I gcás 790 ceann (61%) de na gearáin trasteorann ar láimhseáil an Coimisiún iad mar phríomhúdarás maoirseachta, ba le húdarás maoirseachta eile a taisceadh iad ar dtús. Aistríodh chuig an gCoimisiún iad ina dhiaidh sin.

 

  • Cuireadh i gcrích 75% de na gearáin trasteorann uile ar láimhseáil an Coimisiún iad mar phríomhúdarás maoirseachta ó mhí na Bealtaine 2018. Díobh sin, is curtha i gcrích anois atá 92% de na gearáin a fuarthas sa bhliain 2018, 89% de na gearáin a fuarthas sa bhliain 2019, 80% de na gearáin a fuarthas sa bhliain 2020, 73% de na gearáin a fuarthas sa bhliain 2021 agus 25% de na gearáin a fuarthas sa bhliain 2022.

 

  • De na 975 ghearán trasteorann a cuireadh i gcrích agus ar láimhseáil an Coimisiún iad mar phríomhúdarás maoirseachta, réitíodh 83% go cairdiúil chun leas an ghearánaigh.

 

  • Chuir an Coimisiún 246 cás gearánbhunaithe faoi bhráid phróiseas comhair Airteagal 60 RGCS.

 

  • Tá 22% de na gearáin trasteorann uile atá ar oscailt nasctha le fiosrúchán agus cuirfear i gcrích iad a luaithe a thabharfar an fiosrúchán chun críche. 

 

  • Is le 10 rialaitheoir sonraí a bhaineann 87% de na gearáin trasteorann uile ar láimhseáil an Coimisiún iad mar phríomhúdarás maoirseachta.

 

Cuireadh i gcrích 49% de na gearáin uile ar aistrigh an Coimisiún iad chuig príomhúdaráis mhaoirseachta eile AE/LEE (gan an Ríocht Aontaithe a áireamh).

Chun tuilleadh eolais a fháil, íoslódáil Tuarascáil staitistiúil an Choimisiúin um Chosaint Sonraí ar láimhseáil gearán trasteorann an Ionaid Ilfhreastail (OSS) ón 25 Bealtaine 2018 go dtí an 30 Aibreán 2023 (PDF, 2.026mb).