An Suirbhé ar Dhearcadh an Phobail 2025 ón gCoimisiún

19th Mí Meitheamh 2025

I gcomhthráth le foilsiú na Tuarascála Bliantúla don bhliain 2024, d’eisigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí na torthaí ar Shuirbhé neamhspleách ar Dhearcadh an Phobail freisin. Ba i mí na Bealtaine 2025 a seoladh an suirbhé, rud a rinneadh mar chuid d’athbhreithniú lár téarma ar an Straitéis Rialála 2022-2027 ón gCoimisiún.

 

 

infographic summary of DPC public attitudes survey 2025

 

 

 


Príomhfhionnachtana

  • Creideann triúr, beagnach, as gach ceathrar go bhfuil sé measartha tábhachtach nó an-tábhachtach go gcomhlíonfadh eagraíochtaí atá i mbun teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí nua nuálacha a dhearadh, a fhorbairt nó a úsáid na ceanglais cosanta sonraí, fiú dá gcuirfí moill ar chur chun feidhme na dteicneolaíochtaí, na dtáirgí nó na seirbhísí sin dá ndéanfadh siad amhlaidh.
  • Mhaígh beirt as gach triúr a ndearnadh suirbhé orthu go mbeadh i bhfad níos lú muiníne acu as eagraíocht dá mbainfeadh an eagraíocht sin mí-úsáid as sonraí pearsanta. Níor mhaígh ach 4% díobh nach ndéanfadh sé sin aon difear.
  • Nuair a fiafraíodh díobh faoi na hábhair imní atá acu maidir le teicneolaíocht agus cosaint sonraí:
    • chuir 77% de dhaoine in iúl go raibh imní orthu faoin dóigh a bhfuil sonraí pearsanta leanaí á gcomhroinnt agus á n-úsáid ar líne;
    • chuir 76% de dhaoine in iúl go raibh imní orthu faoin dóigh a n-úsáidtear sonraí pearsanta chun próifíl dhigiteach díobh féin a chruthú, rud a d’fhéadfaí a chomhroinnt, a dhíol nó a thrádáil ansin; agus
    • chuir 61% de dhaoine in iúl go raibh imní orthu faoi úsáid na hintleachta saorga.
  • Fuarthas amach sna torthaí gurbh amhlaidh, go ginearálta, a bhí níos lú imní ar dhaoine idir 18 mbliana d’aois agus 34 bliana d’aois faoi fhormhór na ngnéithe den teicneolaíocht agus faoi shábháilteacht sonraí pearsanta. Bhí i bhfad níos mó imní orthu siúd a bhí 55 bliana d’aois nó níos sine.
  • Creideann pas beag níos mó ná leath na ndaoine a ndearnadh suirbhé orthu go gcinntítear le dlíthe cosanta sonraí go ndéanann cuideachtaí a úsáideann faisnéis an méid sin go freagrach, agus duine amháin as gach cúigear gan a bheith ar an eolas faoin tionchar a bhíonn ag an dlí orthu.
  • Chuir 70% díobh in iúl go bhféadfadh siad a bheith muiníneach go seasfadh an Coimisiún um Chosaint Sonraí lena gcearta chun a sonraí pearsanta a chosaint.
  • De na daoine sin a raibh teagmháil acu leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, bhí tuairim níos dearfaí i leith an Choimisiúin ag 50% díobh tar éis na teagmhála sin. Ní raibh tuairim níos diúltaí i leith an Choimisiúin ach ag 3% de na daoine sin.

 

Ag déanamh machnamh dó ar na fionnachtana sin, dúirt Dale Sunderland, Coimisinéir:

“Sna torthaí ar an suirbhé seo ar dhearcadh an phobail, tugtar léargas luachmhar ar an dearcadh atá ag an bpobal i leith cosaint sonraí agus i leith ról an Choimisiúin um Chosaint Sonraí. Tugtar le fios sna fionnachtana go bhfuil leibhéil láidre feasachta agus aitheantais ann maidir le tábhacht na cosanta sonraí, go háirithe i gcomhthéacs teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí atá ag teacht chun cinn. Tarraingítear aird sa suirbhé freisin ar ábhair imní agus ionchais an phobail maidir le conas a bhaineann eagraíochtaí úsáid as sonraí pearsanta, agus difríochtaí suntasacha ar fud aoisghrúpaí difriúla agus réigiúin dhifriúla á nochtadh. Beidh an léargas sin ríthábhachtach de réir mar a dhéanaimid athbhreithniú lár téarma ar an Straitéis Rialála ón gCoimisiún, á chinntiú go mbeidh ár dtosaíochtaí dírithe agus freagrúil fós agus muid ag comhlíonadh ár bhfreagrachtaí mar údarás cosanta sonraí.”