Moltaí maidir le Gaireas Stórála Iniompartha Ginearálta

Cuireann costas stórála leictreonach atá ag ísliú go mór leis an ardú mór ar shonraí pearsanta atá á stóráil le blianta beag anuas, ar ghairis stórála iniompartha go minic, atá mar chúis leis na dúshláin slándála áirithe d’eagraíochtaí atá freagrach as na sonraí sin atá stóráilte.

Ní mór d’aon eagraíocht atá ag baint úsáid as gairis stórála iniompartha le sonraí pearsanta a stóráil nó a tharchur, a chinntiú go mbíonn bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm, na rioscaí áirithe a bhaineann le húsáid ghairis den sórt sin a bhreithniú, ar nós cailleadh nó rochtain neamhúdaraithe, agus a chinntiú go bhfuil beartais agus bearta teicniúla inmheánacha i bhfeidhm acu leis na rioscaí sin a mhaolú. Sa treoir seo leagtar amach moltaí d’eagraíochtaí le cur san áireamh agus a mbearta inmheánacha féin maidir le húsáid feistí stórála iniompartha á leagadh amach acu.

Moltaí maidir le Gaireas Stórála Iniompartha Ginearálta - Treoirnóta Iomlán