Nowak v. DPC (Páirtí Fógra: PWC) - Iúil 2020

Uimh. Thaifid

2018/139

Cineál bearta agus Ionad

Achomharc reachtúil An Chúirt Achomhairc

Dáta an Bhreithiúnais/Ordú

1 Iúil 2020 (Breithiúnas Scríofa)

Toradh

Sheachad an Chúirt Achomhairc breithiúnas scríofa ar 1 Iúil 2020, ag diúltú achomhairc ag an Uas. Nowak in aghaidh breithiúnais a rinne an Ardchúirt níos luaithe ina raibh an Ardchúirt tar éis seasamh le cinneadh de chuid an DPC ag cur in iúl nach raibh sonraí pearsanta a bhain leis an Uas. Nowak le fáil i meabhráin áirithe a bhí á gcoinneáil ag PWC, agus mar sin de nach raibh an tUas. Nowak i dteideal ceart rochtana ar na rudaí céanna a chleachtadh.

Tar éis a bhreithiúnais, sheachad an Chúirt Achomhairc rialú scríofa ar 27 Iúil 2020 faoi cheist na gcostas, ag meas go bhfuil ar an Uas. Nowak íoc as costais achomhairc an DPC os comhair na Cúirte Achomhairc agus freisin as costais na gcúirteanna faoina bun sin.

Ar leithligh, rinne an tUasal Nowak iarratas don Chúirt Uachtarach le haghaidh cead chun achomharc breise a thabhairt don Chúirt sin. Diúltaíodh an t-iarratas sin ag cinneadh scríofa a rinneadh ag an gCúirt Uachtarach ar 16 Nollaig 2020.

Stádas Reatha an Cháis

Imeachtaí tugtha chun críche.

 

As Béarla

Nowak v DPC (NP- PWC)\The Court of Appeal Judgment Nowak v DPC (NP- PWC).pdf

Nowak v DPC (NP- PWC)\Ruling on Costs Nowak v DPC (NP- PWC).pdf

Nowak v DPC (NP- PWC)\Supreme Court Determination Nowak v DPC (NP- PWC).pdf