Nowak v. DPC (Páirtí Fógra: Cuntasóirí Cairte na hÉireann) - Iúil 2020

Uimh. Thaifid

2018/140

Cineál bearta agus Ionad

Achomharc reachtúil, An Chúirt Achomhairc

Dáta an Bhreithiúnais/Ordú

1 Iúil 2020 (Breithiúnas Scríofa)

Toradh

Sheachad an Chúirt Achomhairc breithiúnas scríofa ar 1 Iúil 2020, ag diúltú achomhairc ag an Uas. Nowak in aghaidh breithiúnais a rinne an Ardchúirt níos luaithe ina raibh an Ardchúirt tar éis seasamh le cinneadh de chuid an DPC ag cur in iúl, i gcomhthéacs iarratais duine ar a shonrai, go raibh an tUas. Nowak i dteideal cóip a fháil dá chuid sonraí pearsanta amháin, tar éis don Uas. Nowak maíomh go raibh sé i dteideal teacht a bheith aige ar a chuid sonraí pearsanta ina bunfhoirm, is é sin ina foirm lom.

Tar éis a breithiúnais, sheachad an Chúirt Achomhairc rialú scríofa ar 27 Iúil 2020 faoi cheist na gcostas, ag meas go bhfuil ar an Uas. Nowak íoc as costais achomhairc an DPC os comhair na Cúirte Achomhairc. Ní dhearnadh aon ordú maidir le costais na gcúirteanna thíos.

Ar leithligh, rinne an tUasal Nowak iarratas don Chúirt Uachtarach le haghaidh cead chun achomharc breise a thabhairt don Chúirt sin. Diúltaíodh an t-iarratas sin ag cinneadh scríofa a rinneadh ag an gCúirt Uachtarach ar 16 Nollaig 2020.

Stádas Reatha an Cháis:

Imeachtaí tugtha chun críche.

 

Nowak v DPC (NP- CAI)\The Court of Appeal Judgment Nowak v DPC (NP- CAI).pdf

Nowak v DPC (NP- CAI)\Ruling on Costs Nowak v DPC (NP- CAI).pdf

Nowak v DPC (NP- CAI)\Supreme Court Determination Nowak v DPC (NP- CAI).pdf