An Coimisiún Cosanta Sonraí i leith Tusla/an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach - Samhain 2020

Uimh. Thaifid 

2020/02845

Cineál bearta agus Ionad

Iarratas reachtúil, Cúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath

Dáta an Bhreithiúnais/Ordú

4 Samhain 2020 (Ordú Deiridh)

Toradh

Ar iarratas an Choimisiúin Cosanta Sonraí, rinne an Chúirt Chuarda ordú de bhun alt 143(2) den Acht um Chosaint Sonraí 2018, inar dearbhaíodh fíneáil riaracháin a thobhaigh an Coimisiún Cosanta Sonraí ar Tusla (suim €75,000) de bhun chinneadh an Choimisiúin Cosanta Sonraí arna dhátú an 7 Aibreán 2020 i ndiaidh fiosrúchán a rinneadh faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018. Dámhadh costais don Choimisiún Cosanta Sonraí chomh maith.

Stádas Reatha an Cháis

Iarratas curtha i gcrích.