DPC v. Facebook Ireland Limited & Schrems - Iúil 2020

Uimh. Thaifid

C-311/18

Cineál bearta agus Ionad

Réamhatreorú ó Ardchúirt na hÉireann, CJEU

Dáta an Bhreithiúnais/Ordú

16 Iúil 2020 (Breithiúnas scríofa)

Toradh

Sheachad Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas ar 16 Iúil 2020, inar thug sí aghaidh ar 11 cheist a cuireadh ag Ardchúirt na hÉireann i gcomhthéacs réamhatreoraithe a rinneadh ar 4 Bealtaine 2018.

Mar achoimre, sheas an CJEU le bailíocht chinneadh de chuid Choimisiún an AE ag corprú “na gclásal conarthach caighdeánach” trínar féidir sonraí pearsanta a aistriú go dlíthiúil ón AE/LEE chuig tríú tír nár glacadh le cinneadh leordhóthanachta fúithi ag Coimisiún an AE.

Is tábhachtach a rá go ndeachaigh an CJEU ar aghaidh le soiléiriú a dhéanamh ar nádúr agus ar mhéid na ndualgas a bhfuil easpórtálaithe sonraí agus údaráis mhaoirseachta faoi réir acu in aon chás mar a mbítear ag brath ar CCU chun aistrithe sonraí chuig tríú tír a dhlisteanú, agus é i gceist cinntiú go dtugtar, i dtéarmaí cosaintí cuí, ceart infheidhmithe agus réiteach éifeachtach dlí, leibhéal cosanta d´ábhair shonraí a n-aistrítear a gcuid sonraí chuig tríú tír atá comhionann, go bunúsach, leis an leibhéal sin a ráthaítear laistigh den AE ag an GDPR, agus an Chairt á cur san áireamh.

Tar éis cinntí áirithe a dhéanamh a bhfuil feidhm ghinearálta ag baint leo maidir le leordhóthanacht na cosanta a sholáthraítear do shaoránaigh de chuid an AE sna Stáit Aontaithe, rialaigh an CJEU freisin go raibh cinneadh Choimisiún an AE, ag glacadh leis do na socruithe “Sciath Phríobháideachais” d´aistrithe sonraí do SAM, go raibh sin neamhbhailí.

Tabhair faoi deara go raibh ceist na gcostas sna bunimeachtaí faoi réir ag rialú ar leith ag an Ardchúirt a rinneadh ar 28 Deireadh Fómhair 2020; tagraítear dó sin ag mír 12 thíos.

Stádas Reatha an Cháis

Imeachtaí tugtha chun críche.

 

As Béarla: CJEU Judgment 16.07.2020.pdf

Meabhráin Mínithe