Doolin v: DPC (Páirtí Fógra: Ospís agus Seirbhísí Cúraim Mhuire - Feabhra 2020

Uimh. Thaifid

2019/211 CA

Cineál bearta agus Ionad

Statutory appeal, High Court

Dáta an Bhreithiúnais/Ordú

21 Feabhra 2020

Toradh

Cheadaigh an Ardchúirt achomharc ar phointe dlí in aghaidh cinnidh níos luaithe na Cúirte Cuarda (1 Bealtaine 2019) inar sheas an Chúirt Chuarda lena seal le cinneadh reachtúil de chuid an Choimisinéara Chosanta Sonraí a rinneadh faoi Alt 10 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.

Mheas an Ardchúirt nárbh fhéidir cinneadh a rinneadh ag an gCúirt Chuarda ag cur in iúl gurbh ionann úsáid ábhair a baineadh as scannánaíocht CCTV i gcomhthéacs éisteachta smachtaithe agus próiseáil do chuspóirí slándála, nárbh fhéidir an cinneadh sin a cheadú bunaithe ar an bhfianaise. Dá réir sin, bhí earráid dlí déanta ag an DPC nuair a mheas sé nach ndearnadh aon phróiseáil bhreise ar shonraí pearsanta an Iarratasóra nuair a úsáideadh ábhar a baineadh as an scannánaíocht faoi thrácht ag fostóir an Iarratasóra le linn éisteachta smachtaithe, ós rud é go bhfuarthas a leithéid d´ábhar do chuspóir difriúil, .i. cuspóir a bhain le cúrsaí slándála

Stádas Reatha an Cháis

Tá Breithiúnas agus Ordú na hArdchúirte faoi réir ag achomharc breise don Chúirt Achomhairc; éisteadh an t-achomharc sin ar an 15 Meitheamh 2021 agus fantar ar an mbreithiúnas faoi láthair.

As Béarla: Doolin v DPC (NP- Our Lady's Care Hospice).pdf