Fiosrúchán maidir le Comhairle Chontae Chiarraí
(02-SIU-2018)
Dáta an Chinnidh: 25 Márta 2020
Tá an fiosrúchán seo ar cheann de líon fiosrúcháin dá dtoil féin maidir le raon leathan saincheisteanna a bhaineann le faireachas teicneolaíochtaí a mbaineann údaráis Stáit úsáid astu. Áirítear ar na torthaí a rinneadh sa chinneadh:
- An toradh nach ndéanann an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar 1997, an tAcht um Bainistiú Dramhaíola 1996, agus an tAcht Rialtais Áitiúil 2001 foráil do bhunús dlí don úsáid a bhaineann Comhairle Contae Chiarraí as CCTV le cionta ó thaobh bruscair a bhraith. Bhreithnigh an DPC na hAchtanna seo go cuimsitheach agus fuarthas amach nach bhfuil an phróiseáil seo maidir le sonraí pearsanta á rialú acu mar a cheanglaítear sa Treoir um Fhorfheidhmiú an Dlí, mar atá trasuite ag an Acht um Chosaint Sonraí 2018. Sa bhreis air sin, fuarthas amach sa chinneadh nach bhfreastalaíonn na hAchtanna ar na caighdeáin soiléireachta, cruinnis agus inbhraiteachta maidir le próiseáil den sórt sin mar a cheanglaítear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.
- Áirítear ar na torthaí eile sa chinneadh, sáruithe a bhaineann le comharthaíocht chuí agus le trédhearcacht ginearálta, easpa rialacha nó treoirlínte i scríbhinn a rialaíonn rochtain na foirne chuig CCTV, úsáid fón cliste nó gaireas taifeadta eile sa seomra monatóireachta CCTV, an cleachtas maidir le mionsonraí logála isteach le píosa scannánaíochta CCTV a rochtain a chomhroinnt agus le rianta iniúchta píosa scannánaíochta CCTV a iniúchadh, agus an ceanglas maidir le Measúnachtaí Tionchair Cosanta Sonraí, i measc nithe eile.
Na cumhachtaí ceartaitheacha a cuireadh i bhfeidhm:
- Cosc sealadach ar phróiseáil sonraí pearsanta trí cheamaraí CCTV i gcúig láthair a úsáidtear le haghaidh braith agus le gníomh forfheidhmithe a ghlacadh i gcoinne daoine atá rannpháirteach i gcaitheamh bruscair agus na ceamaraí CCTV i Siúlóid Thaitneamhachta.
- Ordú tugtha do Chomhairle Contae Chiarraí próiseáil sonraí pearsanta a chur ar bhonn comhlíonta ag glacadh an ghnímh áirithe a sonraíodh sa chinneadh.
- Iomardú maidir le sáruithe Chomhairle Contae Chiarraí.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Comhairle Chontae Chiarraí - Márta 2020 (PDF, 952 KB).