Fiosrúchán maidir le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

(03/SIU/2018)

Dáta an Chinnidh: 9 Nollaig 2021

D’iarr an fiosrúchán seo a mheas an raibh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag próiseáil sonraí pearsanta de réir an GDPR agus an Acht um Chosaint Sonraí 2018. Scrúdaigh an fiosrúchán roinnt d’oibríochtaí próiseála na Comhairle, lena n-áirítear an úsáid a bhain said as ceamaraí CCTV, teicneolaíocht Uathaitheanta Uimhirphlátaí agus dróin in áiteanna poiblí, a úsáideadh chun coireacht a fhorfheidhmiú nó do chuspóirí eile.

Is iad seo a leanas roinnt de na torthaí sa chinneadh:

  • Níl aon bunús dlí ag an gComhairle sonraí pearsanta a phróiseáil trí cheamaraí CCTV le haghaidh cuspóirí bainistíochta tráchta.
  • Bhí easpa bunúis dlí ag an gComhairle le haghaidh roinnt ceamaraí CCTV a úsáideadh i gcoinne coireachta, toisc nár thaispeáin an Chomhairle go bhfuair sí údar Choimisinéara na nGardaí de bhun alt 38(3) d’Acht an Gharda Síochána 2005 a bhí soiléir, cruinn agus intuartha go leor mar a luaitear go sonrach ag an GDPR.
  • Bhí easpa bunúis dlí ag an gComhairle faireachas a dhéanamh le ceamaraí CCTV a bhain úsáid as teicneolaíocht Uathaitheanta Uimhirphlátaí.
  • Sháraigh an Chomhairle Airteagal 15 den GDPR trí diúltú d’iarratais rochtana ábhair sonraí maidir le ceamaraí CCTV a úsáideadh le haghaidh cuspóirí bainistíochta tráchta.
  • Theip ar an gComhairle a hoibleagáidí trédhearcachta faoi Airteagal 13 a chomhlíonadh mar gheall nár chuir sí suas comharthaí maidir lena hoibleagáidí próiseála CCTV.
  • Sháraigh an Chomhairle Airteagal 12 den GDPR mar gheall nár chinntigh sí go mbeadh a Polasaí CCTV inrochtana nó trédhearcach go leor.

Na cumhachtaí ceartaitheacha a fheidhmíodh:

  • Cuireadh cosc sealadach ar shonraí pearsanta a phróiseáil le ceamaraí CCTV ag roinnt áiteanna a úsáideadh le haghaidh forfheidhmiú dlí coiriúil go dtí go bhféadfaí bunús dlí a aithint.
  • Cuireadh cosc sealadach ar shonraí pearsanta a phróiseáil le ceamaraí CCTV a úsáideadh le haghaidh cuspóirí bainistíochta tráchta go dtí go bhféadfaí bunús dlí a aithint.
  • Tugadh ordú do Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a cuid próiseáil sonraí pearsanta a chur i gcomhlíonadh ag tógáil gníomhartha ar leith, a leagtar amach go sonrach sa chinneadh.
  • Eisíodh iomardú maidir le roinnt de na sáruithe a rinne Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.
  • Gearradh fineáil riaracháin san iomlán €110,000.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Fiosrúchán maidir le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh Nollaig 2021 (PDF, 1,622 KB).