Fiosrúchán i leith na Comhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil - Bealtaine 2022

(IN-22-2-1)

Dáta an Chinnidh: 03 Bealtaine 2022

Chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) tús leis an bhfiosrúchán féintoilithe seo mar thoradh ar chleachtadh monatóireachta agus forfheidhmithe a tugadh de bhun tascanna údaráis maoirseachta atá in Airteagal 57 den GDPR.

Bhí an DPC ag iarraidh monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an GDPR agus an GDPR a fhorfheidhmiú maidir le hOifigeach Cosanta Sonraí (DPO) a bheith á ainmniú ag eagraíochtaí. Tá ainmniú DPO agus oibleagáidí gaolmhara rialaitheoirí sonraí in Airteagal 37 den GDPR. Ainmníodh an Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil ina heagraíocht earnála poiblí dhealramhach a bhféadfadh sé go mbeadh gá di DPO a ainmniú, sonraí an DPO a fhoilsiú agus iad a chur in iúl don DPC mar an t-údarás maoirseachta.

Bhí an Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil (PHECC) ar cheann den iomaí eagraíocht san earnáil phoiblí a ndearnadh teagmháil leo le linn an chleachtaidh maoirseachta agus forfheidhmithe. Níor fhreagair an PHECC aon chomhfhreagras a eisíodh chuige. Ní raibh aon taifead sa DPC gur chuir an PHECC sonraí a DPO in iúl don DPC. Ina theannta sin, ní raibh aon sonraí teagmhála ar láithreán gréasáin an PHECC i gcomhair DPO.

Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán chun a fháil amach cibé an raibh nó nach raibh gá don PHECC DPO a ainmniú de bhun Airteagal 37(1) den GDPR agus cibé an raibh nó nach raibh sin déanta ag an PHECC. Ina theannta sin, bhíothas ag iarraidh a fháil amach leis an bhFiosrúchán cibé an raibh nó nach raibh Airteagal 37(7) den GDPR sáraithe ag an PHECC maidir le sonraí teagmhála an DPO a fhoilsiú agus maidir leis na sonraí teagmhála sin a chur in iúl don DPC. Cuireadh tús leis an bhFiosrúchán freisin chun a fháil amach cibé ar sháraigh nó nár sháraigh an PHECC Airteagal 31 den GDPR trí mhainneachtain comhoibriú, arna iarraidh, leis an DPC ina chuid tascanna a thabhairt chun críche.

Fuarthas amach sa Chinneadh gur sháraigh an PHECC na forálacha seo a leanas den GDPR:

  • Airteagal 37(1) den GDPR, lena gceanglaítear, i measc nithe eile, ar rialaitheoirí san earnáil phoiblí oifigeach cosanta sonraí a ainmniú. Sháraigh an PHECC Airteagal 37(1) trí mhainneachtain oifigeach cosanta sonraí a ainmniú don eagraíocht.
  • Sháraigh an PHECC Airteagal 37(7) den GDPR trí mhainneachtain sonraí teagmhála oifigeach cosanta sonraí a fhoilsiú agus trí mhainneachtain na sonraí teagmhála sin a chur in iúl don údarás maoirseachta.
  • Ceanglaítear ar rialaitheoirí sonraí faoi Airteagal 31 den GDPR comhoibriú leis an údarás maoirseachta, arna iarraidh, nuair atá an t-údarás ag tabhairt a chuid tascanna chun críche de bhun Airteagal 57 den GDPR. Sháraigh an PHECC Airteagal 31 den GDPR trí mhainneachtain freagra a thabhairt ar aon chomhfhreagras a eisíodh chuige trí ríomhphost agus trí phost cláraithe, cé gur admhaigh sé, le linn an Fhiosrúcháin go bhfuarthas an comhfhreagras. Ghlac an Cinneadh nach le hintinn a bhí an mainneachtain comhoibriú leis an DPC, ach thug faoi deara nach bhféadfadh sé tarlú nach bhfreagródh údarás poiblí ná comhlacht poiblí (ná aon rialaitheoir), ar aon bhealach, díchill arís agus arís eile chun monatóireacht a dhéanamh ar an GDPR agus é a fhorfheidhmiú.

Na Cumhachtaí Ceartaitheacha a Cuireadh i bhFeidhm:

Eisíodh, leis an gCinneadh, iomardú don Chomhairle um Chúram Práinne RéamhOspidéil maidir le sáruithe Airteagail 37(1) agus 37(1) den GDPR.


Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Comhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil Bealtaine 2022 (PDF, 1,010 KB).