Treoir maidir leis an mBunús Dlí le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil

Is í an chéad cheist a cheart d'eagraíochtaí a bhfuil baint acu le sonraí pearsanta a phróiseáil ('rialaitheoirí') a fhiosrú sula dtabharfar faoin bpróiseáil ná "Cén chúis nó cén bonn cirt atá agam na sonraí pearsanta seo a phróiseáil?" Tá ríthábhacht ag baint leis seo mar nach bhfuil aon phróiseáil ar shonraí pearsanta dleathach ach sa chás go bhfuil 'bunús dlí', mar a thugtar air, ag baint léi. Leagtar amach na bunúis dlí seo in Airteagal 6 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR), is iad sin: toiliú; conradh; oibleagáid dlí; leasanna ríthábhachtacha; dualgas poiblí; nó leasanna dlisteanacha.

Is é an phríomhaidhm atá leis an treoir seo cuidiú le rialaitheoirí an bunús dlí ceart maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann siad nó a bhfuil sé beartaithe acu a dhéanamh a aithint - mar aon leis na hoibleagáidí a théann leis an mbunús dlí sin. Chomh maith leis sin, ba cheart go gcuideoidh an treoir seo leis na daoine aonair a bhféadfadh sé go mbeadh a gcuid sonraí pearsanta á bpróiseáil ('ábhair sonraí') cibé an bhfuil nó nach bhfuil an phróiseáil ar a gcuid sonraí pearsanta dleathach, agus, mar chuid de sin, an bunús dlí atá leis an bpróiseáil sin a aithint.

Bunús Dlí le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil – Treoirnóta Iomlán