Cinntí
Cinntí
Caith súil ar achoimrí ar Chinntí arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, mar aon leis an téacs iomlán díobh.
Míniú ar Fhíneálacha
I dteannta bearta ceartaitheacha a fhorchur, gearradh fíneálacha ab fhiú níos mó ná €4 billiún ar eagraíochtaí mar thoradh ar fhiosrúcháin ón gCoimisiún. Bailíodh fíneálacha dar luach thart ar €20 milliún go dtí seo.
Foráiltear leis an dlí nach dtiocfaidh fíneálacha arna bhforchur ag an gCoimisiún chun bheith iníoctha go dtí go ndaingneofar sa Chúirt iad. Más rud é nach ndéanfar aon achomharc i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún, ní mór don Choimisiún iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda chun an fhíneáil a dhaingniú faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
Más rud é go ndéanfar achomharc i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún, ní fhéadfar an fhíneáil a bhailiú go dtí go socrófar an t-achomharc sin. Is sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt a thionscnaítear achomhairc den sórt sin, ag brath ar luach airgid na fíneála.
Fiosrúchán maidir le Mediahuis Ireland Group Limited
Baineann an cinneadh san fhiosrúchán seo leis an gceart bunúsach chun cosanta sonraí a chothromú leis an gceart bunúsach chun saoirse chun tuairimí a nochtadh agus chun saorála faisnéise. …
Fiosrúchán ar A&G Couriers Limited ag trádáil mar Fastway Couriers (Ireland)
Tosaíodh an fiosrúchán seo i ndáil le sárú sonraí pearsanta ar thug A&G Couriers Limited ag trádáil mar Fastway Couriers, Ireland (Fastway), fógra ina thaobh don Choimisiún um Chosaint…
Airteagal(ta): 32
Fiosrúchán maidir le Soláthraí Sainchomhairleoireachta
Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán seo maidir le sárú ar shonraí pearsanta a chur an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsatna (‘PIAB’) in iúl don Choimisiún um Chosaint Sonraí ar an 10 Nollaig…
Airteagal(ta): 32