Cinntí
Cinntí
Caith súil ar achoimrí ar Chinntí arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, mar aon leis an téacs iomlán díobh.
Míniú ar Fhíneálacha
I dteannta bearta ceartaitheacha a fhorchur, gearradh fíneálacha ab fhiú níos mó ná €4 billiún ar eagraíochtaí mar thoradh ar fhiosrúcháin ón gCoimisiún. Bailíodh fíneálacha dar luach thart ar €20 milliún go dtí seo.
Foráiltear leis an dlí nach dtiocfaidh fíneálacha arna bhforchur ag an gCoimisiún chun bheith iníoctha go dtí go ndaingneofar sa Chúirt iad. Más rud é nach ndéanfar aon achomharc i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún, ní mór don Choimisiún iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda chun an fhíneáil a dhaingniú faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
Más rud é go ndéanfar achomharc i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún, ní fhéadfar an fhíneáil a bhailiú go dtí go socrófar an t-achomharc sin. Is sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt a thionscnaítear achomhairc den sórt sin, ag brath ar luach airgid na fíneála.
Fiosrúchán ar phróiseáil Taifead Eaglaise ag Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath
Thosaigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí an Fiosrúchán tar éis roinnt gearán a fháil ó ábhair sonraí a bhí ag iarraidh a shocrú go léirscriosfaí na sonraí pearsanta fúthu a bhí á bpróiseáil…
Fiosrúchán maidir le MOVE (Men Overcoming Violence) Éireann
Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán maidir le shárú ar shonraí pearsanta a chuir MOVE in iúl don DPC an 3 Feabhra 2020. Is carthanas cláraithe é MOVE, a oibríonn sa raon foréigin teaghlaigh,…
Féach Tuilleadh Eolais