Cinntí
Cinntí
Caith súil ar achoimrí ar Chinntí arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, mar aon leis an téacs iomlán díobh.
Míniú ar Fhíneálacha
I dteannta bearta ceartaitheacha a fhorchur, gearradh fíneálacha ab fhiú níos mó ná €4 billiún ar eagraíochtaí mar thoradh ar fhiosrúcháin ón gCoimisiún. Bailíodh fíneálacha dar luach thart ar €20 milliún go dtí seo.
Foráiltear leis an dlí nach dtiocfaidh fíneálacha arna bhforchur ag an gCoimisiún chun bheith iníoctha go dtí go ndaingneofar sa Chúirt iad. Más rud é nach ndéanfar aon achomharc i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún, ní mór don Choimisiún iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda chun an fhíneáil a dhaingniú faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
Más rud é go ndéanfar achomharc i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún, ní fhéadfar an fhíneáil a bhailiú go dtí go socrófar an t-achomharc sin. Is sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt a thionscnaítear achomhairc den sórt sin, ag brath ar luach airgid na fíneála.
Fiosrúcháin ar Meta Platforms Ireland Limited (Sárú Airíochtaí)
An 12 Nollaig 2024, ghlac Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí (‘an Coimisiún’) cinntí críochnaitheacha in dhá fhiosrúchán reachtúla dá dheoin féin lena dtugtar iomardú do Meta…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán ar TikTok Technology Limited
Ghlac an Coimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) a chinneadh críochnaitheach maidir lena fhiosrúchán ar TikTok Technology Limited (“TTL”) an 1 Meán Fómhair 2023. D’iarr an fiosrúchán…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán maidir le Tacar Sonraí Meta - Samhain 2022
Ar an 25 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an DPC) le cinneadh chun fíneáil €265 milliún a ghearradh agus cumhachtaí ceartaitheacha eile a chur ar Meta Platforms Ireland…
Airteagal(ta): 25
Fiosrúchán maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i leith leanaí a úsáideann an tseirbhís líonraithe shóisialta Instagram
Chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) tús leis an bhfiosrúchán féintoilithe seo an 21 Meán Fómhair 2020, fiosrúchán a bhí bunaithe ar fhaisnéis a chuir tríú páirtí ar fáil agus i…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán maidir le Biúró Creidmheasa na hÉireann DAC
Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán seo maidir le sárú ar shonraí pearsanta a chuir Biúró Creidmheasa na hÉireann (‘ICB’) in iúl don DPC an 31 Lúnasa 2018. Gníomhaireacht teistiméireachtaí…
Féach Tuilleadh Eolais